+Airteagal 11 1.

Airteagal 11 1.

Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, an méid seo a leanas:

(a) 

a áirithiú go ndéantar an fhaisnéis arna soláthar ag na comhlachtaí bailiúcháin, tar éis do na heintitis í a thíolacadh, inrochtana ar ESAP gan moill mhíchuí;

(b) 

tacaíocht seirbhíse a sholáthar do na comhlachtaí bailiúcháin;

(c) 

a áirithiú go mbeidh ESAP inrochtana ar a laghad 97 % den am in aghaidh na míosa, seachas cásanna ina bhfuil cothabháil sceidealaithe ar bun, ina bhfuil nuashonrú á dhéanamh ar ábhar agus ina bhfuil leathanaigh á n-uasghrádú, agus, sa chás sin, tá fógra soiléir le tabhairt d’úsáideoirí lena gcuirtear in iúl dóibh cá fhad a mheastar a mhairfidh an briseadh sna seirbhísí a sholáthraíonn ESAP;

(d) 

dul i gcomhairle leis na comhlachtaí bailiúcháin, de réir mar is iomchuí, chun dul i ngleic le saincheisteanna coiteanna agus prionsabail choiteanna iompair, agus go háirithe chun na nithe seo a leanas a phlé:

(i) 

bainistiú laethúil ESAP;

(ii) 

forbairt agus cur chun feidhme beartais cáilíochta agus, i gcás inarb iomchuí, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse idir ESMA agus na comhlachtaí bailiúcháin;

(iii) 

coinníollacha cistiúcháin ESAP, lena n-áirítear na cásanna ina bhféadfar táillí a ghearradh agus ríomh na dtáillí sin;

(iv) 

bagairtí atá ann cheana agus bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil leis an gcibearshlándáil;

(v) 

cur chun feidhme agus feidhmiú ESAP i ndáil le haon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 5(8);

(e) 

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus feidhmiú ESAP agus tuarascáil bhliantúil a thabhairt don Choimisiún ina leith sin, mar a shonraítear in Airteagal 12.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.