+Airteagal 12 Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus feidhmiú ESAP
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.

Airteagal 12 Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus feidhmiú ESAP

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Déanfaidh ESMA faireachán ar fheidhmiú ESAP, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, bunaithe ar a laghad ar na táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a leagtar síos i mír 2, agus foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmiú ESAP agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.
Airteagal 12 2.

Is iad seo a leanas na táscairí cáilíochta agus cainníochtúla dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

líon na gcuairteoirí, na gcuardach agus na n-íoslódálacha;

(b) 

na cineálacha faisnéise ar amharcadh uirthi agus a íoslódáladh de réir céatadáin;

(c) 

na táillí dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus na méideanna arna ngearradh ag ESMA;

(d) 

céatadán na gcuardach a raibh amharc nó íoslódáil mar thoradh orthu de réir an chineáil faisnéise agus rochtana;

(e) 

méid agus céatadán na faisnéise meaisín-inléite atá inrochtana ar ESAP agus méid agus céatadán na n-amharc meaisín-inléite agus na n-íoslódálacha meaisín-inléite;

(f) 

cion na bhfógraí de bhun an bhailíochtaithe uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2);

(g) 

aon mhífheidhm shuntasach nó aon teagmhas suntasach a dhéanann difear d’oibriú nó feidhmíocht fhoriomlán ESAP;

(h) 

measúnú ar inrochtaineacht, cáilíocht, úsáideacht, iontaofacht agus tráthúlacht na faisnéise ar ESAP;

(i) 

measúnú i dtaobh an gcomhlíonann ESAP a chuspóirí, agus éabhlóid a úsáide agus sreafaí faisnéise laistigh den Aontas á gcur san áireamh;

(j) 

measúnú ar shásamh úsáideora deiridh;

(k) 

comparáid le córais chomhchosúla i dtríú tíortha.

Airteagal 12 3.
Sula dtíolacfaidh ESMA an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an tascfhórsa, grúpa nó coiste ad hoc atá le bunú de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán seo agus féadfaidh sé dul i gcomhairle leis an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.