|
+Airteagal 12 2. |
Airteagal 12 2.Is iad seo a leanas na táscairí cáilíochta agus cainníochtúla dá dtagraítear i mír 1:
(a)
líon na gcuairteoirí, na gcuardach agus na n-íoslódálacha;
(b)
na cineálacha faisnéise ar amharcadh uirthi agus a íoslódáladh de réir céatadáin;
(c)
na táillí dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus na méideanna arna ngearradh ag ESMA;
(d)
céatadán na gcuardach a raibh amharc nó íoslódáil mar thoradh orthu de réir an chineáil faisnéise agus rochtana;
(e)
méid agus céatadán na faisnéise meaisín-inléite atá inrochtana ar ESAP agus méid agus céatadán na n-amharc meaisín-inléite agus na n-íoslódálacha meaisín-inléite;
(f)
cion na bhfógraí de bhun an bhailíochtaithe uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2);
(g)
aon mhífheidhm shuntasach nó aon teagmhas suntasach a dhéanann difear d’oibriú nó feidhmíocht fhoriomlán ESAP;
(h)
measúnú ar inrochtaineacht, cáilíocht, úsáideacht, iontaofacht agus tráthúlacht na faisnéise ar ESAP;
(i)
measúnú i dtaobh an gcomhlíonann ESAP a chuspóirí, agus éabhlóid a úsáide agus sreafaí faisnéise laistigh den Aontas á gcur san áireamh;
(j)
measúnú ar shásamh úsáideora deiridh;
(k)
comparáid le córais chomhchosúla i dtríú tíortha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|