|
+Airteagal 3 1. |
Airteagal 3 1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an iompraíocht a liostaítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo ina cion coiriúil, i gcás ina ndéantar d’aon ghnó í, agus gur cion coiriúil í an iompraíocht sin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i gcás ina ndéantar í le faillí thromchúiseach ar a laghad, i gcás ina bhfuil an iompraíocht sin neamhdhleathach. Chun críoch na Treorach seo, beidh iompraíocht neamhdhleathach i gcás ina bhfuil sí contrártha do na nithe seo a leanas:
(a)
dlí an Aontais a chuireann le saothrú ceann de chuspóirí bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol mar a leagtar amach in Airteagal 191(1) CFAE; nó
(b)
foráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin de chuid Ballstát, nó cinneadh a rinne údarás inniúil Ballstáit, lena dtugtar éifeacht do dhlí an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a). Beidh iompraíocht den sórt sin neamhdhleathach fiú i gcás ina ndéantar í faoi údarú arna eisiúint ag údarás inniúil Ballstáit, más rud é go bhfuarthas an t-údarú sin go calaoiseach nó trí éilliú, sracadh nó comhéigean, nó má sháraíonn údarú den sórt sin ceanglais dhlíthiúla shubstainteacha ábhartha go follasach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|