+Airteagal 3 Cionta coiriúla
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
---+Airteagal 3 7.
---+Airteagal 3 8.
|
Airteagal 3 Cionta coiriúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an iompraíocht a liostaítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo ina cion coiriúil, i gcás ina ndéantar d’aon ghnó í, agus gur cion coiriúil í an iompraíocht sin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i gcás ina ndéantar í le faillí thromchúiseach ar a laghad, i gcás ina bhfuil an iompraíocht sin neamhdhleathach. Chun críoch na Treorach seo, beidh iompraíocht neamhdhleathach i gcás ina bhfuil sí contrártha do na nithe seo a leanas:
(a)
dlí an Aontais a chuireann le saothrú ceann de chuspóirí bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol mar a leagtar amach in Airteagal 191(1) CFAE; nó
(b)
foráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin de chuid Ballstát, nó cinneadh a rinne údarás inniúil Ballstáit, lena dtugtar éifeacht do dhlí an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a).
Beidh iompraíocht den sórt sin neamhdhleathach fiú i gcás ina ndéantar í faoi údarú arna eisiúint ag údarás inniúil Ballstáit, más rud é go bhfuarthas an t-údarú sin go calaoiseach nó trí éilliú, sracadh nó comhéigean, nó má sháraíonn údarú den sórt sin ceanglais dhlíthiúla shubstainteacha ábhartha go follasach.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an iompraíocht seo a leanas ina cion coiriúil i gcás ina bhfuil sí neamhdhleathach agus ina ndéantar d’aon ghnó í:
(a)
cainníocht ábhar nó substaintí, fuinneamh nó radaíocht ianúcháin a sceitheadh, a astú nó a thabhairt isteach san aer, san ithir nó san uisce arb é is cúis le nó ar dócha go mbeidh sé ina chúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine, nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;
(b)
táirge a chur ar an margadh, de shárú ar thoirmeasc nó ar cheanglas eile arb é is aidhm dó an comhshaol a chosaint, arb é an toradh a bhíonn ar a úsáid ar scála níos mó eadhon úsáid an táirge ag roinnt úsáideoirí, gan beann ar a líon, cainníocht ábhar nó substaintí, fuinneamh nó radaíocht ianúcháin a scaoileadh, a astú nó a thabhairt isteach san aer, san ithir nó san uisce, agus arb é is cúis le nó ar dócha go mbeidh sé ina chúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine, nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;
(c)
substaintí a mhonarú, a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh, a onnmhairiú nó a úsáid, cibé acu leo féin, i meascáin nó in earraí, lena n-áirítear a n-ionchorprú in earraí, i gcás ina bhfuil an iompraíocht sin ina cúis, nó inar dócha go mbeidh sí ina cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine, le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí agus:
(i)
go bhfuil an iompraíocht sin srianta de bhun Theideal VIII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
) agus Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán sin;
(ii)
go dtoirmisctear an iompraíocht sin de bhun Theideal VII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
(iii)
nach bhfuil an iompraíocht sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
);
(iv)
nach bhfuil an iompraíocht sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
);
(v)
nach bhfuil an iompraíocht sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
); nó
(vi)
go dtoirmisctear an iompraíocht sin de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
);
(d)
mearcair, comhdhúile mearcair agus meascáin mearcair, agus táirgí ar cuireadh mearcair leo a mhonarú, a úsáid, a stóráil, a allmhairiú nó a onnmhairiú i gcás nach gcomhlíonann an iompraíocht sin na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
), agus i gcás ina bhfuil sí ina cúis le nó ar dócha go mbeidh sí ina cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine, nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, nó d’ainmhithe nó do phlandaí;
(e)
tionscadail a fhorghníomhú de réir bhrí Airteagal 1(2)(a), dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2), de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
), i gcás ina ndéantar an iompraíocht sin gan toiliú forbartha agus go bhfuil sí ina cúis le nó ar dócha go mbeidh sí ina cúis le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, nó na hithreach, nó do cháilíocht nó stádas an uisce, nó damáiste substaintiúil d’éiceachóras, nó d’ainmhithe nó do phlandaí;
(f)
bailiú, iompar, aisghabháil nó cóireáil dramhaíola, maoirseacht ar na hoibríochtaí sin agus iarchúram na láithreán diúscartha, lena n-áirítear gníomh a ghlactar mar dhéileálaí nó mar bhróicéir, i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin leis an méid seo a leanas:
(i)
dramhaíl ghuaiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2008/98/CE, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
) í, agus go mbaineann cainníocht neamhdhiomaibhseach leis an dramhaíl sin; nó
(ii)
dramhaíl seachas an dramhaíl sin dá dtagraítear i bpointe (i) agus arb í is cúis le nó ar dócha gurb í is cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine, le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;
▼C1
(g)
loingsiú dramhaíola, de réir bhrí Airteagal 3, pointe (26), de Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
), i gcás ina bhfuil cainníocht neamhdhiomaibhseach i gceist leis an iompraíocht sin, bíodh sin déanta in aon loingsiú amháin nó i níos mó ná loingsiú amháin a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad nasctha le chéile;
▼B
(h)
athchúrsáil long a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, i gcás nach bhfuil an iompraíocht sin i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), den Rialachán sin;
(i)
sceitheadh substaintí truaillitheacha ó longa de shubstaintí truaillitheacha a thagann faoi raon feidhme Airteagal 3 de Threoir 2005/35/CE isteach in aon limistéar dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin, ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an sceitheadh sin ó longa na coinníollacha le haghaidh eisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 5 den Treoir sin, arb é is cúis le nó ar dóchúil gurb é is cúis le meath ar cháilíocht an uisce nó le damáiste don chomhshaol muirí;
(j)
oibriú nó dúnadh suiteála ina ndéantar gníomhaíocht chontúirteach nó ina stóráiltear nó in n-úsáidtear substaintí contúirteacha nó meascáin chontúirteacha, i gcás ina dtagann an iompraíocht sin agus an ghníomhaíocht chontúirteach, an tsubstaint chontúirteach nó an meascán contúirteach sin faoi raon feidhme Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
) nó ó Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
), agus nuair a bhíonn an iompraíocht sin ina cúis le nó ar dócha gurb í is cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;
(k)
foirgníocht, oibriú agus díchóimeáil suiteála, i gcás ina dtagann an iompraíocht sin agus suiteáil den sórt sin faoi raon feidhme Threoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
), agus arb í an iompraíocht sin is cúis le nó ar dóchúil gurb í is cúis le bás nó gortú tromchúiseach aon duine nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;
(l)
ábhar radaighníomhach nó substaintí radaighníomhacha a mhonarú, a tháirgeadh, a phróiseáil, a láimhseáil, a úsáid, a choinneáil, a stóráil, a iompar, a allmhairiú, a onnmhairiú nó a dhiúscairt, i gcás ina dtagann an iompraíocht sin agus ábhar agus substaint den sórt sin faoi raon feidhme Threoracha 2013/59/Euratom (
13
), 2014/87/Euratom (
14
), Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle (
15
), agus arb í an iompraíocht sin is cúis le nó ar dócha gurb í is cúis le bás daoine nó le gortú tromchúiseach aon duine nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;
(m)
astarraingt uisce dromchla nó screamhuisce de réir bhrí Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
16
), i gcás ina bhfuil an iompraíocht sin ina cúis le nó ar dócha go mbeidh sí ina cúis le damáiste substaintiúil do stádas éiceolaíoch nó d’acmhainneacht éiceolaíoch dobharlach uisce dromchla nó do stádas cainníochtúil dobharlach screamhuisce;
(n)
eiseamal nó eiseamail de speicis fána nó flóra fiáine a liostaítear in Iarscríbhinn IV a mharú, a scriosadh, a ghabháil, a shealbhú, a dhíol nó a thairiscint lena ndíol, nó in Iarscríbhinn V nuair atá speicis san Iarscríbhinn sin faoi réir na mbeart céanna agus na bearta arna nglacadh do speicis in Iarscríbhinn IV, a ghabhann le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (
17
) agus eiseamal nó eiseamail de na speicis dá dtagraítear in Airteagal 1 de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
18
), ach amháin i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin le cainníocht dhiomaibhseach na n-eiseamal sin;
(o)
trádáil eiseamail nó eiseamal, nó codanna díobh nó díorthach díobh, de speicis fána nó flóra fiáine, a liostaítear in Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (
19
), agus allmhairiú eiseamail nó eiseamal, nó codanna díobh nó díorthach díobh, de na speicis sin a liostaítear in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an Rialachán sin, ach amháin i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin le cainníocht dhiomaibhseach na n-eiseamal sin;
(p)
tráchtearraí ábhartha nó táirgí ábhartha a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, de shárú ar an toirmeasc a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/1115, ach amháin i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin le cainníocht dhiomaibhseach;
(q)
aon iompraíocht arb é is cúis le meath ar ghnáthóg laistigh de shuíomh faoi chosaint, nó a chuireann isteach ar speiceas ainmhíoch a liostaítear in Iarscríbhinn II, pointe (a), a ghabhann le Treoir 92/43/CEE laistigh de shuíomh cosanta, de réir bhrí Airteagal 6(2) den Treoir sin, i gcás ina bhfuil an meath nó an suaitheadh sin suntasach;
(r)
speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, a chur ar an margadh, a choinneáil, a phórú, a iompar, a úsáid, a mhalartú, ligean dó atáirgeadh, a fhás nó a shaothrú, a scaoileadh amach sa chomhshaol, nó a leathadh, i gcás ina sáraíonn an iompraíocht sin an méid seo a leanas:
(i)
srianta a leagtar amach in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
20
) agus gurb é is cúis le nó ar dóchúil gurb é is cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach duine, nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí; nó
(ii)
coinníoll de chead a eisítear faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 nó d’údarú a thugtar faoi Airteagal 9 den Rialachán sin agus arb é is cúis le nó ar dóchúil gurb é is cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach duine, nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;
(s)
substaintí ídithe ózóin, cibé acu ina n-aonar nó i meascáin, a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a úsáid, nó a scaoileadh, ar substaintí iad dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/590 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
21
), nó táirgí agus trealamh, agus codanna díobh, ina bhfuil substaintí ídithe ózóin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin dá dtagraítear in Airteagal 2(b) den Rialachán sin, a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú, a onnmhairiú nó a úsáid;
(t)
gáis ceaptha teasa fhluairínithe, cibé acu ina n-aonar nó i meascáin, a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a úsáid, nó a scaoileadh, ar gáis iad dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
22
) nó táirgí agus trealamh, agus codanna díobh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), den Rialachán sin a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú, a onnmhairiú nó a úsáid, nó na táirgí agus an trealamh sin a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go measfar gur cionta coiriúla cáilithe iad cionta coiriúla a bhaineann leis an iompraíocht a liostaítear i mír 2 má tá iompraíocht den sórt sin ina cúis leis an méid seo a leanas:
(a)
scrios ar nó damáiste forleathan agus substaintiúil atá dochúlaithe nó fadtéarmach, d’éiceachóras ar suntasach a mhéid nó a luach comhshaoil nó do ghnáthóg laistigh de shuíomh faoi chosaint, nó
(b)
damáiste forleathan agus substaintiúil atá dochúlaithe nó fadtéarmach, do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gur cion coiriúil í an iompraíocht a liostaítear i mír 2, pointí (a) go (d), pointí (f) agus (g), pointí (i) go (q), pointe (r)(ii), agus pointí (s) agus (t), i gcás ina bhfuil an iompraíocht sin neamhdhleathach agus ina ndéantar í le faillí thromchúiseach ar a laghad.
|
|
Airteagal 3 5.
|
I dteannta na gcionta coiriúla a bhaineann leis an iompraíocht a liostaítear i mír 2, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, foráil a dhéanamh maidir le cionta coiriúla breise chun an comhshaol a chosaint.
|
|
Airteagal 3 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, agus measúnú á dhéanamh acu an bhfuil an damáiste nó an damáiste is dócha a dhéanfar substaintiúil, a mhéid a bhaineann le hiompraíocht a liostaítear i mír 2, pointí (a) go (e), pointe (f)(ii), pointí (j) go (m) agus pointe (r), go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha:
(a)
bail bhonnlíne na timpeallachta dá ndéantar difear;
(b)
an bhfuil an damáiste fadtéarmach, meántéarmach nó gearrthéarmach;
(d)
inchúlaitheacht an damáiste.
|
|
Airteagal 3 7.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, agus measúnú á dhéanamh acu an dócha go ndéanfaidh iompraíocht a liostaítear i mír 2, pointí (a), go (e), pointe (f)(ii), pointí (i) go (m) agus pointe (r), damáiste do cháilíocht an aeir, nó na hithreach, nó do cháilíocht nó stádas an uisce, nó d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí, go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha:
(a)
baineann an iompraíocht le gníomhaíocht a mheastar a bheith contúirteach nó dainséarach don chomhshaol nó do shláinte an duine, agus ar gníomhaíocht í a dteastaíonn údarú ina leith nach bhfuarthas nó nár comhlíonadh;
(b)
a mhéid a sháraítear tairseach rialála, luach nó paraiméadar éigeantach eile a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b), nó in údarú arna eisiúint le haghaidh na gníomhaíochta ábhartha;
(c)
an bhfuil an t-ábhar nó an tsubstaint aicmithe mar ábhar contúirteach nó guaiseach nó liostaithe ar bhealach eile mar ábhar nó substaint atá díobhálach don chomhshaol nó do shláinte an duine.
|
|
Airteagal 3 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, agus measúnú á dhéanamh acu an bhfuil an chainníocht diomaibhseach nó neamhdhiomaibhseach chun críocha mhír 2, pointe (f)(i), agus pointí (g), (n), (o) agus (p), go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha:
(a)
líon na míreanna lena mbaineann;
(b)
a mhéid a sháraítear tairseach rialála, luach nó paraiméadar éigeantach eile a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b);
(c)
stádas caomhnaithe an speicis fána nó flóra lena mbaineann;
(d)
an costas a bhaineann leis an gcomhshaol a athchóiriú, i gcás inar féidir an costas sin a mheas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1203
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|