|
+Airteagal 8 Imthosca géaraitheacha |
Airteagal 8 Imthosca géaraitheachaAirteagal 8 Imthosca géaraitheacha A mhéid nach bhfuil na himthosca seo a leanas mar chuid de na gnéithe a chomhdhéanann na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i ndáil leis na cionta coiriúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4, go bhféadfar ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a mheas mar imthoisc ghéaraitheach:
(a)
rinneadh éiceachóras a scriosadh nó rinneadh damáiste substaintiúil dochúlaithe nó fadtéarmach dó de thoradh an chiona;
(b)
rinneadh an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle ( 23 );
(c)
bhain an ciontóir úsáid as doiciméid bhréagacha nó doiciméid bhrionnaithe agus an cion á dhéanamh aige nó aici;
(d)
rinne oifigeach poiblí an cion agus a chuid nó a cuid dualgas á gcomhlíonadh aige nó aici;
(e)
ciontaíodh an ciontóir roimhe sin le breithiúnas críochnaitheach ar chionta den chineál céanna leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 3 nó 4.
(f)
gineadh sochair shuntasacha airgeadais nó measadh go nginfí sochair shuntasacha airgeadais, mar gheall ar an gcion, nó seachnaíodh leis costais shuntasacha, go díreach nó go hindíreach, a mhéid is féidir na sochair nó na speansais sin a chinneadh;
(g)
scrios an ciontóir fianaise, nó rinne sé nó sí imeaglú ar fhinnéithe nó ar ghearánaigh;
(h)
rinneadh an cion laistigh de limistéar a aicmítear mar limistéar faoi chosaint speisialta de bhun Airteagal 4(1) nó (2) de Threoir 2009/147/CE, nó laistigh de shuíomh atá ainmnithe mar limistéar caomhnaithe speisialta i gcomhréir le Airteagal 4(4) de Threoir 92/43/CEE nó laistigh de shuíomh a liostaítear mar cheantar a bhfuil tábhacht Chomhphobail leis i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 92/43/CEE. Ní bheidh feidhm ag an imthoisc ghéaraitheach dá dtagraítear i bpointe (a) den Airteagal seo maidir leis an gcion coiriúil a chumhdaítear le hAirteagal 3(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|