+Airteagal 11 Tréimhsí teorann
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
|
Airteagal 11 Tréimhsí teorann
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse teorann chun go bhféadfar na cionta sin a imscrúdú, a ionchúiseamh, a chur chun trialach agus breithniú a dhéanamh orthu ar feadh tréimhse leordhóthanach ama ón tráth a dhéantar na cionta coiriúla sin, ionas go rachfar i ngleic go héifeachtach leis na cionta coiriúla sin. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse teorann lena bhféadfar pionóis arna bhforchur tar éis ciontú críochnaitheach i gcionta coiriúil dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a fhorfheidhmiú ar feadh tréimhse leordhóthanach ama tar éis an chiontaithe sin.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Is mar a leanas a bheidh an tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír:
(a)
10 mbliana ar a laghad ón tráth a dhéantar cion coiriúil is inphionóis le uastéarma príosúnachta 10 mbliana ar a laghad;
(b)
5 bliana ar a laghad ón tráth a dhéantar cion coiriúil is inphionóis le uastéarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad;
(c)
3 bliana ar a laghad ón tráth a dhéantar cion coiriúil is inphionóis le uastéarma príosúnachta 3 bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Is mar seo a leanas a bheidh an tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír:
(a)
10 mbliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh sna cásanna seo a leanas:
(i)
pionós príosúnachta ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana; nó de rogha air sin
(ii)
pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le huastéarma príosúnachta 10 mbliana ar a laghad;
(b)
5 bliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh sna cásanna seo a leanas:
(i)
pionós príosúnachta ar feadh tréimhse is faide ná 1 bhliain amháin; nó de rogha air sin
(ii)
pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le huastéarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad; agus
(c)
3 bliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe deiridh sna cásanna seo a leanas:
(i)
pionós príosúnachta ar feadh tréimhse suas le 1 bhliain amháin ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh, nó de rogha air sin
(ii)
pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le huastéarma príosúnachta 3 bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 11 4.
|
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na Ballstáit tréimhse teorann a bhunú atá níos giorra ná 10 mbliana, ach nach giorra ná 5 bliana, ar choinníoll go bhféadfar an tréimhse teorann sin a bhriseadh nó a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1203
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|