Airteagal 14
Cosaint daoine a thuairiscíonn cionta coiriúla comhshaoil nó a chabhraíonn lena n-imscrúdú
Gan dochar do Threoir (AE) 2019/1937, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag aon duine a thuairiscíonn cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 den Treoir seo, a sholáthraíonn fianaise nó a oibríonn i gcomhar leis na húdaráis inniúla ar bhealach eile, ar bhearta tacaíochta agus cúnaimh i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.