|
+Airteagal 19 Comhordú agus comhar idir údaráis inniúla laistigh de Bhallstát |
Airteagal 19 Comhordú agus comhar idir údaráis inniúla laistigh de BhallstátAirteagal 19 Comhordú agus comhar idir údaráis inniúla laistigh de Bhallstát Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun sásraí iomchuí a bhunú le haghaidh comhordú agus comhair ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal oibríochtúil i measc a n-údarás inniúil uile a bhfuil baint acu le cionta coiriúla comhshaoil a chosc agus a chomhrac. Beidh na sásraí sin dírithe ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
tosaíochtaí comhchoiteanna agus tuiscint ar an ngaol idir forfheidhmiú coiriúil agus forfheidhmiú riaracháin a áirithiú;
(b)
malartú faisnéise chun críocha straitéiseacha agus oibríochtúla, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme;
(c)
comhairliúchán in imscrúduithe aonair, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme;
(d)
dea-chleachtais a mhalartú;
(e)
cúnamh a thabhairt do líonraí Eorpacha cleachtóirí a oibríonn ar ábhair a bhaineann le cionta coiriúla comhshaoil agus sáruithe gaolmhara a chomhrac. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na sásraí dá dtagraítear sa chéad mhír: comhlachtaí comhordúcháin speisialaithe, meabhráin tuisceana idir údaráis inniúla, líonraí forfheidhmithe náisiúnta agus gníomhaíochtaí oiliúna comhpháirteacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|