+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
|
Airteagal 1 Ábhar
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Leis an Treoir seo, cuirtear chun cinn feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh san Aontas, d’fhonn stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050, agus na dálaí aeráide lasmuigh, na dálaí áitiúla, na ceanglais maidir le cáilíocht na timpeallachta laistigh, agus an chostéifeachtúlacht á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 1 2.
|
Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a)
an creat ginearálta comhchoiteann maidir le modheolaíocht chun feidhmíocht fuinnimh chomhtháite foirgneamh agus aonad foirgnimh a ríomh;
(b)
íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh nua agus aonaid foirgnimh nua;
(c)
íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:
(i)
foirgnimh atá ann cheana agus aonaid foirgnimh atá ann cheana a bhfuiltear ag déanamh athchóiriú mór orthu;
(ii)
eilimintí foirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a iarfheistiú nó a athsholáthar;
(iii)
córais theicniúla foirgnimh i gcás ina ndéantar iad a shuiteáil, a athsholáthar nó a uasghrádú;
(d)
íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh atá ann agus le haonaid foirgnimh atá ann, i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 9;
(e)
poitéinseal téimh dhomhanda foirgneamh ar feadh saolré a ríomh agus a nochtadh;
(f)
fuinneamh gréine i bhfoirgnimh;
(h)
pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh;
(i)
bonneagar soghluaisteachta inbhuanaithe i bhfoirgnimh agus cóngarach d’fhoirgnimh;
(k)
deimhniúchán feidhmíochta fuinnimh foirgneamh nó aonad foirgnimh;
(l)
cigireacht thráthrialta ar chórais téimh, córais aerála agus córais aerchóirithe i bhfoirgnimh;
(m)
córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste agus tuarascálacha cigireachta;
(n)
feidhmíocht cháilíocht na timpeallachta laistigh i bhfoirgnimh.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Is íoscheanglais iad na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo agus ní choiscfidh siad ar aon Bhallstát bearta níos déine a choimeád nó a thabhairt isteach, ar choinníoll go bhfuil na bearta sin i gcomhréir le dlí an Aontais. Cuirfear na bearta sin in iúl don Choimisiún.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|