|
+Airteagal 1 2. |
Airteagal 1 2.Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a)
an creat ginearálta comhchoiteann maidir le modheolaíocht chun feidhmíocht fuinnimh chomhtháite foirgneamh agus aonad foirgnimh a ríomh;
(b)
íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh nua agus aonaid foirgnimh nua;
(c)
íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:
(i)
foirgnimh atá ann cheana agus aonaid foirgnimh atá ann cheana a bhfuiltear ag déanamh athchóiriú mór orthu;
(ii)
eilimintí foirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a iarfheistiú nó a athsholáthar;
(iii)
córais theicniúla foirgnimh i gcás ina ndéantar iad a shuiteáil, a athsholáthar nó a uasghrádú;
(d)
íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh atá ann agus le haonaid foirgnimh atá ann, i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 9;
(e)
poitéinseal téimh dhomhanda foirgneamh ar feadh saolré a ríomh agus a nochtadh;
(f)
fuinneamh gréine i bhfoirgnimh;
(g)
pasanna athchóirithe;
(h)
pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh;
(i)
bonneagar soghluaisteachta inbhuanaithe i bhfoirgnimh agus cóngarach d’fhoirgnimh;
(j)
foirgnimh chliste;
(k)
deimhniúchán feidhmíochta fuinnimh foirgneamh nó aonad foirgnimh;
(l)
cigireacht thráthrialta ar chórais téimh, córais aerála agus córais aerchóirithe i bhfoirgnimh;
(m)
córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste agus tuarascálacha cigireachta;
(n)
feidhmíocht cháilíocht na timpeallachta laistigh i bhfoirgnimh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|