+Airteagal 13 Córais theicniúla foirgnimh
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
---+Airteagal 13 7.
---+Airteagal 13 8.
---+Airteagal 13 9.
---+Airteagal 13 10.
---+Airteagal 13 11.
---+Airteagal 13 12.

Airteagal 13 Córais theicniúla foirgnimh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Déanfaidh na Ballstáit, chun críche barrfheabhsú a dhéanamh ar úsáid fuinnimh na gcóras teicniúil foirgnimh, ceanglais chórais a leagan síos, agus úsáid á baint acu as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh, i leith fheidhmíocht fuinnimh fhoriomlán, shuiteáil cheart, thoisiú, choigeartú agus rialú iomchuí, agus, i gcás inarb iomchuí, cothromú hidreanach na gcóras teicniúil foirgnimh, atá suiteáilte i bhfoirgnimh nua nó i bhfoirgnimh atá cheana ann. Agus na ceanglais á mbunú, cuirfidh na Ballstáit san áireamh dálaí deartha agus gnáthdhálaí nó meándálaí oibriúcháin.

Socrófar ceanglais chórais do chórais theicniúla foirgnimh nua agus do chórais theicniúla foirgnimh atá ann cheana a athsholáthar agus a uasghrádú, agus déanfar na ceanglais sin a chur i bhfeidhm a mhéid is indéanta go teicniúil, go heacnamaíoch agus go feidhmiúil.

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a shocrú a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid gineadóirí teasa nó leis an gcineál breosla a úsáideann gineadóirí teasa nó leis an gcuid íosta fuinnimh in-athnuaite a úsáidtear don teas ar leibhéal an fhoirgnimh ar choinníoll nach mbeidh na ceanglais sin ina mbacainn gan údar ar an margadh.

Áiritheoidh na Ballstáit go sroichfidh na ceanglais a leagann siad síos le haghaidh córais theicniúla foirgnimh na leibhéil is fearr agus is déanaí costais ar a laghad.

Airteagal 13 2.
Féadfaidh na Ballstáit ceanglais shonracha chórais a shocrú do chórais theicniúla foirgnimh chun suiteáil agus oibriú éifeachtach córas téimh ísealteochta i bhfoirgnimh nua nó athchóirithe a éascú.
Airteagal 13 3.
Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfar foirgnimh nua a fheistiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, le gléasanna féinrialaithe le haghaidh rialáil ar leithligh na teochta i ngach seomra nó, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, i gcrios ainmnithe téite nó fuaraithe den aonad foirgnimh agus, i gcás inarb iomchuí, le cothromú hidreanach. Ceanglófar suiteáil na ngléasanna féinrialaithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, cothromú hidreanach a bheith i bhfoirgnimh atá ann cheana, nuair a dhéanfar gineadóirí teasa nó gineadóirí fuaraithe a athsholáthar, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch.
Airteagal 13 4.
Leagfaidh na Ballstáit síos ceanglais maidir le caighdeáin cáilíochta na timpeallachta laistigh comhshaoil leormhaithe laistigh a chur chun feidhme i bhfoirgnimh chun aeráid shláintiúil laistigh a chothabháil.
Airteagal 13 5.
Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh foirgnimh astaíochtaí nialasacha nach foirgnimh chónaithe iad feistithe le feistí tomhais agus rialaithe chun faireachán agus rialáil a dhéanamh ar cháilíocht an aeir laistigh. I bhfoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad atá ann cheana, beidh gá na feistí sin a shuiteáil, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, i gcás ina ndéantar athchóiriú mór ar fhoirgneamh. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go suiteálfar na feistí sin i bhfoirgnimh chónaithe.
Airteagal 13 6.
Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhéanfar córas teicniúil foirgnimh a shuiteáil, go ndéanfar measúnú ar fheidhmíocht fuinnimh fhoriomlán na coda athraithe agus, i gcás inarb ábhartha, an chórais athraithe ina iomláine. Déanfar na torthaí a dhoiciméadú agus a chur chuig úinéir an fhoirgnimh, ionas go mbeidh siad ar fáil i gcónaí agus gur féidir iad a úsáid le haghaidh fíorú ar chomhlíonadh na n-íoscheanglas a leagtar síos de bhun mhír 1 agus le haghaidh eisiúint na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar feidhmíocht fuinnimh na gcóras teicniúil foirgnimh a bharrfheabhsú i gcás ina ndéanfar iad a iarfheistiú nó a athsholáthar.

Cuirfidh na Ballstáit stóráil fuinnimh le haghaidh fuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh chun cinn.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí nua agus cistiú nua chun an t-aistriú ó chórais téimh agus fuaraithe atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise go córais téimh agus fuaraithe atá bunaithe ar bhreoslaí nach breoslaí iontaise iad a spreagadh.

Airteagal 13 7.
Féachfaidh na Ballstáit le coirí leithleacha a chumhachtaítear le breoslaí iontaise i bhfoirgnimh atá ann cheana a ionadú, i gcomhréir leis na pleananna náisiúnta céimnithe amach i ndáil le coirí breosla iontaise.
Airteagal 13 8.
Eiseoidh an Coimisiún treoir maidir leis an rud is coire breosla iontaise ann.
Airteagal 13 9.

Déanfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, go mbeidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad feistithe le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, mar a leanas:

(a) 

faoin 31 Nollaig 2024, foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu le haghaidh córais téimh, córais aerchóirithe, comhchórais téimh spáis agus aerála nó comhchórais aerchóirithe agus aerála atá os cionn 290 kW;

(b) 

faoin 31 Nollaig 2029, foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu le haghaidh córais téimh, córais aerchóirithe, comhchórais téimh spáis agus aerála nó comhchórais aerchóirithe agus aerála atá os cionn 70 kW.

Airteagal 13 10.

Beidh sé de chumas ag na córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh an méid a leanas a dhéanamh:

(a) 

faireachán, logáil agus anailís leanúnach a dhéanamh lena bhféadfar coigeartú a dhéanamh ar an úsáid fuinnimh;

(b) 

tagarmharcáil a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh, caillteanais a bhrath in éifeachtúlacht córas teicniúil foirgnimh, agus an duine atá freagrach as na saoráidí nó bainistíocht theicniúil an fhoirgnimh a chur ar an eolas maidir le deiseanna chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú;

(c) 

cumarsáid a éascú le córais nasctha theicniúla foirgnimh agus le fearais eile laistigh den fhoirgneamh, agus iad a bheith idir-inoibritheach le córais theicniúla foirgnimh a bhaineann le cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí dílseánaigh, gléasanna agus monaróirí;

(d) 

faoin 29 Bealtaine 2026 faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na timpeallachta laistigh.

Airteagal 13 11.

Déanfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, go heacnamaíoch agus go feidhmiúil, ón 29 Bealtaine 2026, go mbeidh foirgnimh chónaithe nua agus foirgnimh chónaithe a bhfuil athchóirithe móra á ndéanamh orthu feistithe leis an méid seo a leanas:

(a) 

feidhmiúlacht chun faireachán leictreonach leanúnach a thomhaiseann éifeachtúlacht córas agus a chuireann úinéirí nó bainisteoirí foirgnimh ar an eolas i gcás athrú suntasach agus nuair is gá cothabháil a dhéanamh ar an gcóras;

(b) 

feidhmiúlachtaí rialaithe éifeachtacha chun an ghiniúint, an dáileadh, an stóráil, an úsáid fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, an chothromaíocht hidreanach is fearr is féidir a áirithiú;

(c) 

acmhainneacht chun freagairt ar chomharthaí seachtracha agus an tomhaltas fuinnimh a choigeartú.

Féadfaidh na Ballstáit tithe aonteaghlaigh a bhfuil athchóirithe móra ar siúl iontu a eisiamh ó na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo i gcás ina bhfuil na costais suiteála níos mó ná an leas a thiocfadh as.

Airteagal 13 12.

Leagfaidh na Ballstáit síos ceanglais chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, go mbeidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad ag a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach le haghaidh córais téimh, córais aerchóirithe, comhchórais téimh spáis agus aerála nó comhchórais aerchóirithe agus aerála atá:

(a) 

os cionn 290 kW, go mbeidh siad feistithe le rialuithe uathoibríocha soilsithe faoin 31 Nollaig 2027;

(b) 

os cionn 70 kW, go mbeidh siad feistithe le rialuithe uathoibríocha soilsithe faoin 31 Nollaig 2029.

Déanfar na rialuithe uathoibríocha soilsithe a chriosú go hiomchuí agus beidh siad in ann áitíocht a bhrath.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.