+Airteagal 4 Coimircí
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
|
Airteagal 4 Coimircí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh coimircí iomchuí i bhfeidhm ag cuideachtaí a bhfuil struchtúr MVS acu a bhfuil a scaireanna le trádáil nó á dtrádáil ar MTF tar éis dóibh a gceart faoi Airteagal 3 a fheidhmiú chun foráil a dhéanamh do chosaint leordhóthanach leasanna scairshealbhóirí nach bhfuil MVS ina seilbh acu. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit:
|
(a)
|
a áirithiú go ndéanfar cinneadh na cuideachta struchtúr MVS a mhodhnú ar bhealach a dhéanann difear do chearta vótála scaireanna a ghlacadh ag an gcruinniú ginearálta trí thromlach cáilithe ar a laghad mar a shonraítear sa dlí náisiúnta, agus a áirithiú go mbeidh cinneadh den sórt sin faoi réir vóta ar leithligh i ngach aicme scaireanna a ndéantar difear dá gcearta;
|
|
(b)
|
tionchar MVSanna ar an bpróiseas cinnteoireachta ag an gcruinniú ginearálta a theorannú trí cheann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas a thabhairt isteach:
|
(i)
|
cóimheas uasta líon na vótaí atá i gceangal le MVSanna le líon na vótaí atá i gceangal le scaireanna a bhfuil na cearta vótála is lú acu;
|
|
(ii)
|
ceanglas a thabhairt isteach maidir le cinntí arna ndéanamh ag an gcruinniú ginearálta atá faoi réir thromlach cáilithe na vótaí arna gcaitheamh mar a shonraítear sa dlí náisiúnta, cé is moite de chinntí maidir le comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta na cuideachta a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost, agus cé is moite de chinntí oibríochtúla a bheidh le déanamh ag comhlachtaí den sórt sin a chuirtear faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta lena bhformheas freisin, ceanglas go nglacfar na cinntí sin:
|
(1)
|
trí thromlach cáilithe, mar a shonraítear sa dlí náisiúnta, de na vótaí a caitheadh agus de cheachtar den scairchaipiteal a raibh ionadaíocht aige ag an gcruinniú ginearálta nó de líon na scaireanna a raibh ionadaíocht acu ag an gcruinniú ginearálta; nó
|
|
(2)
|
trí thromlach cáilithe, mar a shonraítear sa dlí náisiúnta, de na vótaí a caitheadh, agus faoi réir vóta ar leithligh laistigh de gach aicme scaireanna a ndéantar difear dá gcearta.
|
|
|
|
|
Airteagal 4 2
|
2. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le coimircí breise chun cosaint leordhóthanach a áirithiú do leasanna scairshealbhóirí nach bhfuil MSV acu. Féadfar a áireamh ar choimircí den sórt sin, go háirithe, forálacha chun cosc a chur ar na cearta vótála feabhsaithe a ghabhann le MVSanna de bheith ann tar éis an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
a n-aistriú chuig tríú páirtithe nó ar bhás, éagumasú nó scor shealbhóir bunaidh na MVSanna sin (clásal éagtha aistriú-bhunaithe);
|
|
(b)
|
tréimhse ainmnithe ama (clásal éagtha ambhunaithe);
|
|
(c)
|
tarlú teagmhais shonraithe (clásal éagtha teagmhasbhunaithe).
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2810
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|