2. Déanfar measúnú san athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 ina bhféachtar cibé acu an bhfuil na caighdeáin aercháilíochta is infheidhme fós iomchuí chun an cuspóir a bhaint amach maidir le héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus ar cheart truailleáin aeir bhreise a chumhdach.
Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, measfar san athbhreithniú roghanna agus amlínte chun caighdeáin aercháilíochta a ailíniú leis na Treoirlínte Aercháilíochta is déanaí ó EDS agus leis an bhfianaise eolaíoch is cothroime le dáta.
Déanfar measúnú san athbhreithniú freisin ar fhorálacha eile uile na Treorach seo, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le spriocdhátaí gnóthachtála a chur siar agus a bhaineann le truailliú aeir trasteorann, agus thairis sin, déanfaidh sé measúnú ar an bhfianaise eolaíoch is cothroime le dáta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, maidir le truailleáin aeir arna dtomhas ag na sárláithreáin faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 10 ach nach n-áirítear faoi láthair in Iarscríbhinn I.
Chun críocha an athbhreithnithe, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas, inter alia, san áireamh:
|
(a)
|
an fhaisnéis eolaíoch is déanaí ó chomhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail EDS agus Coinbhinsiún UNECE um Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin, agus ó eagraíochtaí eolaíocha ábhartha eile;
|
|
(b)
|
athruithe ar iompraíocht, bearta fioscacha agus forbairtí teicneolaíochta a mbíonn tionchar acu ar aercháilíocht agus ar a measúnú;
|
|
(c)
|
cásanna a bhaineann le haercháilíocht agus na tionchair ghaolmhara ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear na héifeachtaí a bhaineann le hózón ar fhásra, sna Ballstáit;
|
|
(d)
|
cúram sláinte díreach agus indíreach agus costais chomhshaoil a bhaineann le truailliú aeir;
|
|
(e)
|
cineál agus tionchair shocheacnamaíocha na ngníomhaíochtaí comhlántacha atá le cur chun feidhme chun cuspóirí nua a bhaint amach chomh maith le hanailís costais is tairbhe ar na gníomhaíochtaí sin;
|
|
(f)
|
an dul chun cinn atá déanta maidir le bearta laghdaithe truailleán náisiúnta agus bearta laghdaithe truailleán de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus aercháilíocht a fheabhsú;
|
|
(g)
|
reachtaíocht ábhartha maidir le foinsí ar leibhéal an Aontais le haghaidh earnálacha agus gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le truailliú aeir, lena n-áirítear an dul chun cinn atá déanta maidir le reachtaíocht den sórt sin a chur chun feidhme;
|
|
(h)
|
faisnéis ábhartha a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin chun críocha an athbhreithnithe ag na Ballstáit;
|
|
(i)
|
caighdeáin níos déine maidir le haercháilíocht a bheith á dtabhairt isteach ag Ballstáit aonair i gcomhréir le hAirteagal 193 CFAE.
|