5. Cuirfear torthaí na bhfeidhmchlár samhaltaithe a úsáidtear i gcomhréir le mír 3 nó 4 den Airteagal seo nó Airteagal 9(3), nó torthaí na dtomhas táscach san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht i ndáil leis na teorainnluachanna agus na spriocluachanna.
Má tá tomhais sheasta le limistéar ionadaíochais spásúla lena gcumhdaítear an limistéar sáraithe arna ríomh tríd an bhfeidhmchlár samhaltaithe ar fáil, féadfaidh Ballstát a roghnú gan an sárú samhaltaithe a thuairisciú mar shárú ar na teorainnluachanna agus na spriocluachanna ábhartha.