|
+Airteagal 8 6 |
Airteagal 8 66. Má léiríonn na feidhmchláir samhaltaithe a úsáidtear i gcomhréir le mír 3 nó mír 4 sárú ar aon teorainnluach nó spriocluach i gceantar den limistéar nach gcumhdaítear le tomhais sheasta agus a limistéar ionadaíochais spásúla, féadfar tomhas seasta nó táscach amháin ar a laghad a úsáid ag teophointí breise aerthruaillithe a d’fhéadfadh a bheith ann sa limistéar mar a shainaithnítear leis an bhfeidhmchlár samhaltaithe. Má léirítear le feidhmhchláir samhaltaithe a úsáidtear i gcomhréir le hAirteagal 9(3) sárú ar aon teorainnluach nó spriocluach i gceantar den limistéar nach gcumhdaítear le tomhais sheasta agus a limistéar ionadaíochais spásúla, úsáidfear tomhas seasta nó táscach amháin breise ar a laghad ag teophointí aerthruaillithe breise a d’fhéadfadh a bheith ann sa limistéar mar a shainaithnítear leis an bhfeidhmchlár samhaltaithe. I gcás ina n-úsáidfear tomhais sheasta bhreise, bunófar na tomhais sin laistigh de 2 bhliain féilire tar éis an sárú a shamhaltú. I gcás ina n-úsáidfear tomhais tháscacha bhreise, bunófar na tomhais sin laistigh de bhliain féilire amháin tar éis an sárú a shamhaltú. Cumhdóidh na tomhais bliain féilire amháin ar a laghad i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cumhdach sonraí íosta a leagtar amach i bPointe B d’Iarscríbhinn V, chun leibhéal tiúchana an truailleáin ábhartha a mheasúnú. I gcás ina roghnóidh Ballstát gan aon tomhais sheasta nó tháscacha bhreise a dhéanamh, úsáidfear an sárú a thaispeántar le feidhmchláir samhaltaithe chun measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|