2. I limistéir ina bhfuil leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach faoi bhun na spriocluachanna faoi seach a shonraítear i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá, bearta nach mbaineann costais dhíréireacha leo, chun na leibhéil sin a choinneáil faoi bhun na spriocluachanna.
Féachfaidh na Ballstáit leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hózón a shonraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a bhaint amach, agus, a luaithe a bhainfear amach iad, féachfaidh siad leis na leibhéil ózóin a choinneáil faoi bhun na gcuspóirí fadtéarmacha sin a mhéid a cheadaíonn tosca lena n-áirítear nádúr trasteorann an truaillithe ózóin, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha ó fhoinsí bithghineacha agus dálaí meitéareolaíochta amhlaidh, agus ar choinníoll nach mbeidh costais dhíréireacha i gceist le haon bhearta riachtanacha.