+Airteagal 12 Ceanglais i gcás ina bhfuil leibhéil níos ísle ná na teorainnluachanna, spriocluachanna agus cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
---+Airteagal 12 4
|
Airteagal 12 Ceanglais i gcás ina bhfuil leibhéil níos ísle ná na teorainnluachanna, spriocluachanna agus cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1
|
1. I limistéir ina bhfuil leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach faoi bhun na dteorainnluachanna faoi seach a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, déanfaidh na Ballstáit leibhéil na dtruailleán sin a choinneáil faoi bhun na dteorainnluachanna.
|
|
Airteagal 12 2
|
2. I limistéir ina bhfuil leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach faoi bhun na spriocluachanna faoi seach a shonraítear i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá, bearta nach mbaineann costais dhíréireacha leo, chun na leibhéil sin a choinneáil faoi bhun na spriocluachanna.
Féachfaidh na Ballstáit leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hózón a shonraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a bhaint amach, agus, a luaithe a bhainfear amach iad, féachfaidh siad leis na leibhéil ózóin a choinneáil faoi bhun na gcuspóirí fadtéarmacha sin a mhéid a cheadaíonn tosca lena n-áirítear nádúr trasteorann an truaillithe ózóin, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha ó fhoinsí bithghineacha agus dálaí meitéareolaíochta amhlaidh, agus ar choinníoll nach mbeidh costais dhíréireacha i gceist le haon bhearta riachtanacha.
|
|
Airteagal 12 3
|
3. In aonaid chríochacha mheánteagmhála i gcás ina bhfuil na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2,5 agus NO2 faoi bhun luach faoi seach na gcuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála le haghaidh na dtruailleán sin mar a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I, coinneoidh na Ballstáit leibhéil na dtruailleán sin faoi bhun na gcuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála.
|
|
Airteagal 12 4
|
4. Déanfaidh na Ballstáit iarracht chun an cháilíocht is fearr maidir leis an aer comhthimpeallach a bhaint amach agus a chaomhnú mar aon le hardleibhéal cosanta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, agus é d’aidhm acu cuspóir maidir le truailliú nialasach a bhaint amach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), i gcomhréir le moltaí EDS, agus faoi bhun na dtairseach measúnaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|