+Airteagal 18 1
|
Airteagal 18 1
1. I gcás nach féidir, i limistéar ar leith, comhréireacht leis na teorainnluachanna d’ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), dé-ocsaíd nítrigine, beinséin nó beinsi[a]piréin a bhaint amach faoin sprioc-am a shonraítear i Roinn 1, Tábla 1, d’Iarscríbhinn I, féadfaidh na Ballstáit an spriocdháta sin a chur siar don limistéar áirithe sin faoi thréimhse a mbeidh údar léi de bharr treochlár aercháilíochta agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo:
|
(a)
|
suas go dtí an 1 Eanáir 2040, má tá údar leis mar gheall ar shaintréithe scaipthe a bhaineann go sonrach le suíomh, dálaí teorann oragrafacha, dálaí aeráide díobhálacha nó rannchuidithe trasteorann, nó i gcás nach féidir na laghduithe is gá a bhaint amach ach amháin trí chodán suntasach de na córais téimh baile atá ann cheana agus arb iad is cúis le truailliú as a dtagann sáruithe; nó
|
|
(b)
|
suas go dtí an 1 Eanáir 2035, má tá údar cuí leis de bharr réamh-mheastacháin lena léirítear nach féidir na teorainnluachanna a bhaint amach faoin spriocdháta gnóthachtála, fiú agus an tionchar a mheastar a bheidh ag bearta éifeachtacha maidir le truailliú aeir a shainaithnítear sa treochlár aercháilíochta á chur san áireamh.
|
I gcás inar cuireadh spriocdháta gnóthachtála siar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, ach nach féidir gnóthachtáil a bhaint amach faoin spriocdháta sin a cuireadh siar, féadfaidh na Ballstáit an spriocdháta don limistéar áirithe sin a chur siar don dara huair, arb é an uair dheireanach é, faoi thréimhse nach faide ná 2 bhliain ó dheireadh na chéad tréimhse cur siar agus a bhfuil údar cuí léi de bharr treochlár aercháilíochta nuashonraithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|