+Airteagal 4 Córais aonair
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.

Airteagal 4 Córais aonair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Féadfaidh na Ballstáit maolú ar Airteagal 3, ach amháin mura bhfuil údar le bunú córais bhailiúcháin nó nascadh le córas bailiúcháin toisc nach dtiocfadh aon tairbhe chomhshaoil ná aon tairbhe do shláinte an duine as, toisc nach mbeadh sé indéanta go teicniúil nó toisc go mbeadh costas iomarcach i gceist leis. Má dhéantar maolú ar Airteagal 3, áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear córais aonair chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú, a stóráil agus, nuair is infheidhme, a chóireáil i gceirtleáin 1 000  p.e. agus níos mó, nó i gcuid de na ceirtleáin sin.
Airteagal 4 2.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na córais aonair dá dtagraítear i mír 1 a dhearadh, a oibriú agus a chothabháil ar bhealach lena mbainfear amach an leibhéal céanna cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine agus atá ag na cóireálacha tánaisteacha agus na cóireálacha treasacha dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7.
Airteagal 4 3.
Áiritheoidh na Ballstáit go gclárófar córais aonair a úsáidtear i gceirtleáin 1 000  p.e. agus níos mó i gclárlann. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil nó aon chomhlacht eile atá údaraithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil cigireachtaí tráthrialta ar na córais sin nó seiceálacha tráthrialta nó rialaithe tráthrialta ar na córais sin ar mhodhanna eile, ar bhonn cur chuige rioscabhunaithe.
Airteagal 4 4.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun íoscheanglais a shonrú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

dearadh, oibriú agus cothabháil na gcóras aonair dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2; agus

(b) 

na cigireachtaí tráthrialta dá dtagraítear i mír 3, lena n-áirítear íosmhinicíocht le haghaidh na gcigireachtaí sin a bhunú, ag brath ar chineál an chórais aonair, agus bunaithe ar chur chuige rioscabhunaithe

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin faoin 2 Eanáir 2028 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

Na ceanglais a bhaineann le dearadh dá dtagraítear i mír 2 agus sa mhír seo, ní bheidh feidhm acu maidir leis na córais aonair dá dtagraítear i mír 1 a bunaíodh roimh an 1 Eanáir 2025.

Airteagal 4 5.

Maidir leis na Ballstáit a úsáideann córais aonair chun sciar níos mó ná 2 % den ualach fuíolluisce uirbigh ar an leibhéal náisiúnta a bhailiú agus/nó a chóireáil ó cheirtleáin 2 000  p.e. agus níos mó, soláthróidh siad don Choimisiún míniú ar na cúiseanna le haghaidh córais aonair a úsáid. Leis an míniú sin:

(a) 

léireofar go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 maidir le córais aonair a úsáid á gcomhlíonadh;

(b) 

tabharfar tuairisc ar na bearta a rinneadh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3;

(c) 

léireofar go bhfuil na híoscheanglais dá dtagraítear i mír 4 á gcomhlíonadh i gcás ina mbíonn an Coimisiún tar éis a chumhachtaí cur chun feidhme faoin mír sin a fheidhmiú;

(d) 

léireofar nach gcuireann úsáid na gcóras aonair cosc ar na Ballstáit na cuspóirí comhshaoil a bunaíodh in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE a chomhlíonadh.

Airteagal 4 6.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an fhormáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 a thíolacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.