|
+Airteagal 6 4. |
Airteagal 6 4.Féadfaidh sceitheadh fuíolluisce uirbigh a bheith faoi réir cóireála nach bhfuil chomh dian leis an gcóireáil a fhorordaítear i míreanna 1 agus 3 go dtí an 31 Nollaig 2045 i gcás ina scaoiltear iad:
(a)
isteach in uiscí atá suite i réigiúin ardsléibhte, eadhon os cionn airde 1 500 m, áit a bhfuil sé deacair cóireáil bhitheolaíoch éifeachtach a chur i bhfeidhm i ngeall ar theochtaí ísle; nó
(b)
isteach in uiscí doimhne mara i gcás ina bhfuil sceitheadh fuíolluisce uirbigh den sórt sin ó cheirtleáin faoi bhun 150 000 p.e. sna réigiúin is forimeallaí is lú daonra de réir bhrí Airteagal 349 CFAE, áit a bhfágann topagrafaíocht agus tíreolaíocht na críche go bhfuil sé deacair cóireáil éifeachtach bhitheolaíoch a chur i bhfeidhm; nó
(c)
isteach in uiscí ó cheirtleáin bheaga 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000 p.e. suite i réigiúin ina bhfuil aeráid fhuar inar deacair cóireáil bhitheolaíoch éifeachtach a chur i bhfeidhm mar gheall ar na teochtaí ísle más ísle ná 6 oC meánteocht ráithiúil uisce an ionraoin. Is iad na coinníollacha chun an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm go soláthróidh na Ballstáit lena mbaineann staidéir mhionsonraithe don Choimisiún lena léirítear nach ndéanann an sceitheadh sin dochar don chomhshaol ná do shláinte an duine agus nach gcuireann siad cosc ar na huiscí glactha na cuspóirí ábhartha cáilíochta agus na forálacha ábhartha de dhlí ábhartha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|