+Airteagal 6 Cóireáil thánaisteach
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.

Airteagal 6 Cóireáil thánaisteach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach le fhuíolluisce uirbeach ó cheirtleáin 2 000 p.e. agus níos mó, sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, ceanglais ábhartha maidir leis an chóireáil thánaisteach a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I. Gan dochar don fhéidearthacht modhanna malartacha dá dtagraítear i gCuid C, pointe 1, d’Iarscríbhinn I a úsáid, leagtar amach i gCuid C agus Tábla 4 d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan na luachanna paraiméadracha i gCuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.

Maidir le ceirtleáin 2 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 10 000 p.e. atá ag sceitheadh isteach in uiscí cósta mar a shainmhínítear faoi Threoir 2000/60/CE agus a chuireann cóireáil iomchuí i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 91/271/CEE an 1 Eanáir 2025, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír go dtí an 31 Nollaig 2037.

Airteagal 6 2.
I gcás ceirtleáin a sceitheann fuíolluisce uirbeach isteach i limistéir nach bhfuil chomh híogair céanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 91/271/CEE an 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, an 31 Nollaig 2037.
Airteagal 6 3.
Faoin 31 Nollaig 2035, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach ó cheirtleáin 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000 p.e., sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, ceanglais ábhartha maidir le cóireáil thánaisteach a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I. Gan dochar don fhéidearthacht modhanna malartacha dá dtagraítear i gCuid C, pointe 1, d’Iarscríbhinn I a úsáid, leagtar amach i gCuid C agus Tábla 4 d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan na luachanna paraiméadracha i gCuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.

Féadfaidh na Ballstáit maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh uastréimhse:

(a) 

8 mbliana i gcás inar fíor an méid thíos an 1 Eanáir 2025 i bhfeidhm na Treorach seo:

(i) 

i níos lú ná 50 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tá an sceitheadh fuíolluisce uirbigh faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I; nó

(ii) 

tá níos lú ná 50 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I;

(b) 

10 mbliana i gcás inar fíor an méid seo a leanas an 1 Eanáir 2025:

(i) 

i níos lú ná 25 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tá an sceitheadh fuíolluisce uirbigh faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I; nó

(ii) 

tá níos lú ná 25 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I.

Féadfaidh an Bhulgáir, an Chróit agus an Rómáin maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear sa mhír seo ar feadh uastréimhse:

(a) 

12 bhliain i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025,

(i) 

i níos lú ná 50 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tá an sceitheadh fuíolluisce uirbigh faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I; nó

(ii) 

tá níos lú ná 50 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I;

(b) 

14 bliana i gcás inar fíor an méid seo thíos an 1 Eanáir 2025,

(i) 

i níos lú ná 25 % de na ceirtleáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tá an sceitheadh fuíolluisce uirbigh faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I; nó

(ii) 

tá níos lú ná 25 % d’ualach fuíolluisce uirbigh na gceirtleán dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir cóireáil thánaisteach ar a gcríoch, i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn I.

I gcás ina maolaíonn na Ballstáit ar an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh siad go n-áireofar an méid seo a leanas ina gcéad chlár náisiúnta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23:

(a) 

líon na gceirtleán de 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000 p.e. nach bhfuil cóireáil thánaisteach acu an 1 Eanáir 2025;

(b) 

plean ina sonraítear na hinfheistíochtaí is gá chun lánchomhlíonadh a bhaint amach do na ceirtleáin sin laistigh de na spriocdhátaí fadaithe; agus

(c) 

na cúiseanna teicniúla nó eacnamaíocha is údar le síneadh a chur leis an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Ní bheidh feidhm le fadú an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an dara fomhír nó an tríú fomhír agus an cheathrú fomhír. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit mura bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh faoin 31 Iúil 2028.

Airteagal 6 4.

Féadfaidh sceitheadh fuíolluisce uirbigh a bheith faoi réir cóireála nach bhfuil chomh dian leis an gcóireáil a fhorordaítear i míreanna 1 agus 3 go dtí an 31 Nollaig 2045 i gcás ina scaoiltear iad:

(a) 

isteach in uiscí atá suite i réigiúin ardsléibhte, eadhon os cionn airde 1 500  m, áit a bhfuil sé deacair cóireáil bhitheolaíoch éifeachtach a chur i bhfeidhm i ngeall ar theochtaí ísle; nó

(b) 

isteach in uiscí doimhne mara i gcás ina bhfuil sceitheadh fuíolluisce uirbigh den sórt sin ó cheirtleáin faoi bhun 150 000 p.e. sna réigiúin is forimeallaí is lú daonra de réir bhrí Airteagal 349 CFAE, áit a bhfágann topagrafaíocht agus tíreolaíocht na críche go bhfuil sé deacair cóireáil éifeachtach bhitheolaíoch a chur i bhfeidhm; nó

(c) 

isteach in uiscí ó cheirtleáin bheaga 1 000 p.e. agus níos mó ach nach mó ná 2 000 p.e. suite i réigiúin ina bhfuil aeráid fhuar inar deacair cóireáil bhitheolaíoch éifeachtach a chur i bhfeidhm mar gheall ar na teochtaí ísle más ísle ná 6 oC meánteocht ráithiúil uisce an ionraoin.

Is iad na coinníollacha chun an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm go soláthróidh na Ballstáit lena mbaineann staidéir mhionsonraithe don Choimisiún lena léirítear nach ndéanann an sceitheadh sin dochar don chomhshaol ná do shláinte an duine agus nach gcuireann siad cosc ar na huiscí glactha na cuspóirí ábhartha cáilíochta agus na forálacha ábhartha de dhlí ábhartha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh.

Airteagal 6 5.
Déanfar an t-ualach arna shloinneadh in p.e. a ríomh ar bhonn an mheánualaigh íosta sheachtainiúil a théann isteach sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh le linn na bliana, cé is moite de dhálaí aimsire neamhghnácha ar nós báisteach throm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.