+Airteagal 10 1.

Airteagal 10 1.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú i ndáil le haon eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a bunaíodh faoi Airteagal 9(3):

(a) 

go mbeidh cumhdach geografach aici atá sainithe go soiléir agus atá i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8;

(b) 

go mbeidh na hacmhainní airgeadais agus eagraíochtúla aici chun oibleagáidí na dtáirgeoirí maidir le freagracht leathnaithe an táirgeora a chomhlíonadh, lena n-áirítear ráthaíochtaí airgeadais chun leanúnachas na cóireála ceathartha ar fhuíolluisce uirbeach a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 8 sna himthosca ar fad;

(c) 

go gcuirfidh sí ar fáil go poiblí faisnéis faoin méid seo a leanas:

(i) 

a húinéireacht agus ballraíocht;

(ii) 

na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an dara fomhír, pointe (c);

(iii) 

na gníomhaíochtaí a dhéanann sí gach bliain, lena n-áirítear faisnéis shoiléir faoin gcaoi a n-úsáidtear a cuid acmhainní airgeadais.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sna bearta sin nós imeachta aitheantais náisiúnta lena ndeimhnítear go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí sula ndéantar iad a bhunú agus a oibriú iarbhír.

Soláthar faisnéise don phobal faoin Airteagal seo, beidh sé gan dochar do chaomhnú rúndacht faisnéise gnó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.