+Airteagal 10 Na híoscheanglais maidir le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
|
Airteagal 10 Na híoscheanglais maidir le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú i ndáil le haon eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a bunaíodh faoi Airteagal 9(3):
(a)
go mbeidh cumhdach geografach aici atá sainithe go soiléir agus atá i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8;
(b)
go mbeidh na hacmhainní airgeadais agus eagraíochtúla aici chun oibleagáidí na dtáirgeoirí maidir le freagracht leathnaithe an táirgeora a chomhlíonadh, lena n-áirítear ráthaíochtaí airgeadais chun leanúnachas na cóireála ceathartha ar fhuíolluisce uirbeach a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 8 sna himthosca ar fad;
(c)
go gcuirfidh sí ar fáil go poiblí faisnéis faoin méid seo a leanas:
(i)
a húinéireacht agus ballraíocht;
(ii)
na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an dara fomhír, pointe (c);
(iii)
na gníomhaíochtaí a dhéanann sí gach bliain, lena n-áirítear faisnéis shoiléir faoin gcaoi a n-úsáidtear a cuid acmhainní airgeadais.
Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sna bearta sin nós imeachta aitheantais náisiúnta lena ndeimhnítear go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí sula ndéantar iad a bhunú agus a oibriú iarbhír. Soláthar faisnéise don phobal faoin Airteagal seo, beidh sé gan dochar do chaomhnú rúndacht faisnéise gnó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Bunóidh na Ballstáit creat leormhaith faireacháin agus forfheidhmiúcháin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a gcuid oibleagáidí ar bhealach trédhearcach, go mbainfear úsáid cheart as acmhainní airgeadais na n-eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus go ndéanfaidh na gníomhaithe uile ar a bhfuil freagracht leathnaithe an táirgeora sonraí iontaofa a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus, nuair a iarrtar sin, do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Más rud é go mbíonn eagraíochtaí iomadúla um fhreagracht táirgeoirí ar chríoch Ballstáit, ceapfaidh an Ballstát lena mbaineann comhlacht amháin ar a laghad atá neamhspleách ar leasanna príobháideacha chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 9, nó cuirfidh sé de chúram ar údarás poiblí an fhormhaoirseacht sin a dhéanamh.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Áiritheoidh Ballstát go ndéanfaidh na táirgeoirí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile nó i dtríú tír, agus a chuireann táirgí ar mhargadh an Bhallstáit sin an méid seo a leanas:
(a)
duine dlítheanach nó nádúrtha a cheapadh atá bunaithe ar a chríoch mar ionadaí údaraithe chun na hoibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe an táirgeora a chomhlíonadh ar a chríoch; nó
(b)
bearta a dhéanamh atá coibhéiseach le pointe (a).
|
|
Airteagal 10 5.
|
Chun a áirithiú go gcuirfear córas fhreagracht leathnaithe an táirgeora chun feidhme ar an mbealach is fearr is féidir, go háirithe ó thaobh costais agus tairbhe de, eagróidh na Ballstáit idirphlé tráthrialta maidir lena chur chun feidhme. D’fhéadfaí a áireamh leis sin tacaíocht chun bearta atá le déanamh ag na húdaráis inniúla a shainaithint, inter alia:
(a)
brú micreathruailleán a laghdú ag an bhfoinse, agus
(b)
na teicneolaíochtaí is iomchuí a chinneadh le haghaidh cóireáil cheathartha.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, comhlachais geallsealbhóirí rannpháirteach san idirphlé sin, ar geallsealbhóirí iad a bhíonn bainteach le cur chun feidhme fhreagracht leathnaithe an táirgeora, lena n-áirítear táirgeoirí agus dáileoirí, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, oibreoirí príobháideacha nó poiblí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, údaráis áitiúla agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta.
|
|
Airteagal 10 6.
|
Faoin 1 Eanáir 2025, déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtas a eagrú idir na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme Airteagal 9 agus cur chun feidhme Airteagal an Airteagail seo, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na bearta chun bunú, aithint agus feidhmiú eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a rialú;
(b)
na bearta chun comhlíonadh a n-oibleagáidí mar a shainítear sa Treoir seo ag táirgeoirí a rialú;
(c)
cur chun feidhme éifeachtach an mhéid a leanas:
(i)
cumhdach na gcostas dá dtagraítear in Airteagal 9(1), agus
(ii)
na rialuithe ar mhodhanna ríofa ranníocaíochtaí na dtáirgeoirí arna dhéanamh ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 9(3), pointe (c);
(d)
na díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 9(2);
(e)
aon saincheist eile a bhaineann le cur chun feidhme éifeachtach Airteagal 9 agus cur chun feidhme an Airteagail seo;
(f)
na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 9 ar inrochtaineacht, infhaighteacht agus inacmhainneacht cógas a chuirtear ar mhargadh an Aontais.
Foilseoidh an Coimisiún torthaí an mhalartaithe faisnéise, taithí agus dea-chleachtas i ndáil leis na gnéithe sin agus le gnéithe ábhartha eile, agus i gcás inarb ábhartha, cuirfidh sé moltaí nó treoirlínte, nó iad araon, ar fáil do na Ballstáit.
|
|
Airteagal 10 7.
|
Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, bunóidh an Coimisiún liosta de na hiarrataí ar dhíolúintí a fhaigheann na Ballstáit ó tháirgeoirí faoi Airteagal 9(2) agus déanfaidh sé é a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Cuirfear an liosta sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla na mBallstát.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|