|
+Airteagal 11 2. |
Airteagal 11 2.Áiritheoidh na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta, go mbeidh an méid fuinnimh iomlán bliantúil a fhaightear ó fhoinsí in-athnuaite, mar a shainítear é in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001, a bhíonn á ghiniúint ar an láthair nó lasmuigh den láthair ag úinéirí nó oibreoirí gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 10 000 p.e. agus níos mó, nó ag daoine eile thar a gceann, agus gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an fuinneamh sin á úsáid ar an láthair nó lasmuigh den láthair ag úinéirí nó oibreoirí na ngléasraí sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an méid fuinnimh sin coibhéiseach leo seo a leanas ar a laghad:
(a)
sciar 20 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2030;
(b)
sciar 40 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2035;
(c)
sciar 70 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2040;
(d)
sciar 100 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann na gléasraí sin faoin 31 Nollaig 2045. Leis an bhfuinneamh in-athnuaite arna ghiniúint ag úinéirí nó oibreoirí an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó arna ghiniúint thar a gceann, ní bheidh ceannach fuinnimh in-athnuaite i gceist leis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|