|
+Airteagal 14 1. |
Airteagal 14 1.Fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é a sceitear isteach i gcórais bailiúcháin agus isteach i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé faoi réir réamhrialachán nó údaruithe sonracha, nó iad araon, arna ndéanamh ag an údarás inniúil nó ag comhlacht iomchuí. I gcás údaruithe sonracha le haghaidh sceitheadh i gcórais bhailiúcháin agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúla an méid seo a leanas:
(a)
go rachaidh sé i gcomhairle le hoibreoirí na gcóras bailiúcháin agus na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a sceitear an fuíolluisce sin nach fuíolluisce teaghlaigh isteach iontu, agus go gcuirfidh sé iad ar an eolas, sula ndeonaítear na húdaruithe sonracha sin;
(b)
arna iarraidh sin dóibh, go ligfidh sé d’oibreoirí na gcóras bailiúcháin agus na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a sceitear an fuíolluisce sin nach fuíolluisce teaghlaigh é isteach iontu, na húdaruithe sonracha ina ndobharcheantair a cheadú, sula ndeonaítear iad, más féidir. I gcás réamhrialacháin le haghaidh sceitheadh i gcórais bhailiúcháin agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, áiritheoidh na Ballstáit go rachfar i gcomhairle le hoibreoirí na gcóras bailiúcháin agus na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina sceithfear an fuíolluisce nach fuíolluisce teaghlaigh é sula nglactar na réamhrialacháin sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|