+Airteagal 15 1.

Airteagal 15 1.

Déanfaidh na Ballstáit athúsáid fuíolluisce chóireáilte ó gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh a chur chun cinn ar bhealach córasach i gcás inarb iomchuí, go háirithe i limistéir ina bhfuil strus ar acmhainní uisce, agus chun gach críche iomchuí uile. Déanfar measúnú ar an bpoitéinseal fuíolluisce cóireáilte a athúsáid ar bhealach lena dtugtar aird ar na pleananna bainistithe abhantraí a bunaíodh faoi Threoir 2000/60/CE (‘pleananna bainistithe abhantraí’) agus ar chinntí na mBallstát faoi Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/741. Nuair a dhéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid nó má tá sé beartaithe é a athúsáid, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh sé sreabhadh éiceolaíoch na n-uiscí glactha i mbaol agus nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach aige ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine. I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, comhlíonfaidh sé ceanglais Rialachán (AE) 2020/741. I gcás ina bhfuil straitéisí maidir le hathléimneacht uisce ar leibhéal na mBallstát ar fáil, cuirfear san áireamh sna straitéisí sin bearta maidir le hathúsáid fuíolluisce chóireáilte a chur chun cinn agus bearta maidir leis an athúsáid í féin.

I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce uirbeach cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, féadfaidh na Ballstáit maolú ar na ceanglais maidir le cóireáil threasach i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I, don chodán den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte atá ceaptha lena athúsáid go heisiach in uisciú talmhaíochta, i gcás inar féidir an méid seo a leanas ar fad a léiriú:

(a) 

nach sáraíonn an cion cothaitheach sa chodán arna athúsáid éileamh cothaitheach na mbarr spriocdhírithe;

(b) 

nach bhfuil aon riosca ann don chomhshaol, go háirithe maidir le heotrófú na n-uiscí sa dobharcheantar céanna;

(c) 

nach bhfuil aon riosca do shláinte an duine go háirithe maidir le horgánaigh phataigineacha;

(d) 

go bhfuil a dhóthain acmhainneachta ag an ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh fuíolluisce a chóireáil nó a stóráil, ionas nach ndéanfaí sceitheadh isteach in uiscí glactha fuíolluisce uirbigh nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.