+Airteagal 15 Athúsáid uisce agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
|
Airteagal 15 Athúsáid uisce agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit athúsáid fuíolluisce chóireáilte ó gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh a chur chun cinn ar bhealach córasach i gcás inarb iomchuí, go háirithe i limistéir ina bhfuil strus ar acmhainní uisce, agus chun gach críche iomchuí uile. Déanfar measúnú ar an bpoitéinseal fuíolluisce cóireáilte a athúsáid ar bhealach lena dtugtar aird ar na pleananna bainistithe abhantraí a bunaíodh faoi Threoir 2000/60/CE (‘pleananna bainistithe abhantraí’) agus ar chinntí na mBallstát faoi Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/741. Nuair a dhéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid nó má tá sé beartaithe é a athúsáid, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh sé sreabhadh éiceolaíoch na n-uiscí glactha i mbaol agus nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach aige ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine. I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, comhlíonfaidh sé ceanglais Rialachán (AE) 2020/741. I gcás ina bhfuil straitéisí maidir le hathléimneacht uisce ar leibhéal na mBallstát ar fáil, cuirfear san áireamh sna straitéisí sin bearta maidir le hathúsáid fuíolluisce chóireáilte a chur chun cinn agus bearta maidir leis an athúsáid í féin. I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce uirbeach cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, féadfaidh na Ballstáit maolú ar na ceanglais maidir le cóireáil threasach i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I, don chodán den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte atá ceaptha lena athúsáid go heisiach in uisciú talmhaíochta, i gcás inar féidir an méid seo a leanas ar fad a léiriú:
(a)
nach sáraíonn an cion cothaitheach sa chodán arna athúsáid éileamh cothaitheach na mbarr spriocdhírithe;
(b)
nach bhfuil aon riosca ann don chomhshaol, go háirithe maidir le heotrófú na n-uiscí sa dobharcheantar céanna;
(c)
nach bhfuil aon riosca do shláinte an duine go háirithe maidir le horgánaigh phataigineacha;
(d)
go bhfuil a dhóthain acmhainneachta ag an ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh fuíolluisce a chóireáil nó a stóráil, ionas nach ndéanfaí sceitheadh isteach in uiscí glactha fuíolluisce uirbigh nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh, ar a laghad, gach sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh is ionann agus 1 000 p.e. agus níos mó faoi réir réamhrialachán nó údaruithe sonracha, nó iad araon. Áiritheofar le rialacháin agus údaruithe sonracha den sórt sin go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Déanfar athbhreithniú ar réamhrialacháin agus údaruithe sonracha dá dtagraítear i mír 2 gach 10 mbliana ar a laghad agus, más gá, déanfar iad a oiriúnú. I gcás ina dtagann athruithe suntasacha ar shaintréithe an fhuíolluisce uirbigh atá ag teacht isteach nó ar shaintréithe an sceite ón ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó ar shaintréithe an dobharlaigh ghlacaigh, déanfar forálacha na n-údaruithe sonracha a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go leanfar de na ceanglais sin a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a mbonneagar bailithe agus cóireála fuíolluisce a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar ualaí méadaithe fuíolluisce teaghlaigh, lena n-áirítear bonneagar nua a thógáil i gcás inar gá. Agus na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír á nglacadh, measfar go bhfuil na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE á gcomhlíonadh ag na Ballstáit má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
go bhfuil tógáil nó leathnú gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh chun ualaí méadaithe fuíolluisce teaghlaigh nó ualaí neamhchóireáilte fuíolluisce teaghlaigh ar bhealach eile a chóireáil faoi réir réamhúdarú i gcomhréir leis an Treoir seo;
(b)
ar chúiseanna a bhaineann leis an indéantacht theicniúil nó le costas díréireach, nach féidir tairbhí an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh i bpointe (a) a bhaint amach ar mhodhanna eile a rannchuideodh leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE a bhaint amach, fiú pointí malartacha a aimsiú don sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh;
(c)
go ndéantar na bearta maolúcháin uile atá indéanta go teicniúil chun tionchair dhiúltacha an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh ar na dobharlaigh a ndéantar difear dóibh a íoslaghdú agus go leagtar amach iad sna húdaruithe sonracha dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir seo agus san Airteagal seo; áireofar ar na bearta sin, i gcás inar gá, ceanglais chóireála a bheidh níos déine ná na ceanglais a bhíodh á gcur i bhfeidhm roimh don mhéadú teacht ar ualach an fhuíolluisce teaghlaigh, d’fhonn ceanglais na dTreoracha dá dtagraítear i gCuid B, pointe 6, d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a chomhlíonadh;
(d)
go bhfuil gach beart maolúcháin atá indéanta go teicniúil á chur chun feidhme chun íoslaghdú a dhéanamh ar thionchar diúltach na ngníomhaíochtaí eile is cúis le brúnna comhchosúla sna dobharlaigh chéanna.
Mura gcuirtear cosc ar an meathlú nó mura mbaintear amach na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE i ndobharlach dromchla mar thoradh ar réamhúdarú i bpointe (a), déanfar an réamhúdarú sin a leagan amach go sonrach agus déanfar na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír a mhíniú sna pleananna bainistithe abhantraí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|