|
+Airteagal 19 Rochtain ar shláintíocht |
Airteagal 19 Rochtain ar shláintíochtAirteagal 19 Rochtain ar shláintíocht Gan dochar do phrionsabal na coimhdeachta ná do phrionsabal na comhréireachta, agus an dearcadh áitiúil agus réigiúnach agus na himthosca don tsláintíocht á gcur san áireamh acu, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun rochtain do chách ar shláintíocht a áirithiú, go háirithe do ghrúpaí daoine leochaileacha agus imeallaithe. Chun na críche sin, faoin 12 Eanáir 2029 déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
daoine nach bhfuil rochtain acu, nó a bhfuil rochtain theoranta acu, ar shaoráidí sláintíochta a shainaithint, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, agus na cúiseanna atá leis an easpa rochtana sin a sholáthar;
(b)
measúnú a dhéanamh ar na roghanna chun rochtain ar shaoráidí sláintíochta do na daoine sin a fheabhsú;
(c)
i gcás gach ceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó, spreagadh a thabhairt le go mbunófaí líon leordhóthanach saoráidí sláintíochta i spásanna poiblí, a bheadh inrochtana saor in aisce agus sábháilte, go háirithe do mhná, agus a áirithiú go soláthraítear faisnéis chuí faoi na saoráidí sin don phobal;
(d)
i gcás gach ceirtleáin 5 000 p.e. agus níos mó, na húdaráis inniúla a spreagadh líon leordhóthanach saoráidí sláintíochta saor in aisce a chur ar fáil i bhfoirgnimh phoiblí, go háirithe i bhfoirgnimh riaracháin;
(e)
spreagadh a thabhairt go gcuirfí ar fáil saoráidí sláintíochta do chách, saor in aisce nó ar tháille seirbhíse íseal, i mbialanna, i siopaí agus i spásanna príobháideacha comhchosúla a mbeadh rochtain ag an bpobal orthu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|