+Airteagal 21 1.

Airteagal 21 1.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó comhlachtaí iomchuí faireachán ar an méid seo a leanas:

(a) 

sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais de Chuid B d’Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh i gcomhréir leis na modhanna chun faireacháin agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid D d’Iarscríbhinn I; áireofar leis an bhfaireachán sin ualaí agus leibhéil tiúchana na bparaiméadar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I;

(b) 

na méideanna, comhdhéanamh agus ceann scríbe an tsloda, agus ceanglais Threoir 86/278/CEE maidir le sloda atá beartaithe a úsáid sa talmhaíocht á gcur san áireamh;

(c) 

na cainníochtaí in aghaidh na bliana agus na míosa den fhuíolluisce uirbeach a athúsáidtear le haghaidh uisciú talmhaíochta atá faoi réir maolú dá dtagraítear in Airteagal 15(1); cion cothaitheach an chodáin fuíolluisce uirbigh athúsáidte le haghaidh uisciú talmhaíochta agus an tréimhse ina n-athúsáidtear an codán sin i gcomparáid le héileamh míosúil ar uisce agus ar chothaithigh na mbarr a bhfuiltear ag díriú orthu leis an bhfuíolluisce uirbeach athúsáidte sin;

(d) 

na GCTanna, lena n-áirítear ar a laghad CO2, N2O, CH4, a astaítear ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh de 10 000 p.e. agus níos mó, trí bhíthin anailíse, ríomhanna nó samhaltaithe i gcás inarb iomchuí;

(e) 

an fuinneamh arna úsáid agus arna tháirgeadh ag úinéirí gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear 10 000 p.e. agus níos mó, nó ag oibreoirí na ngléasraí sin, gan beann ar cibé acu a úsáidtear nó a ghintear é ar an láthair nó lasmuigh den láthair, i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 11(2), chomh maith leis an bhfuinneamh arna cheannach faoi na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus (4).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.