+Airteagal 21 Faireachán
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.
|
Airteagal 21 Faireachán
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó comhlachtaí iomchuí faireachán ar an méid seo a leanas:
(a)
sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais de Chuid B d’Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh i gcomhréir leis na modhanna chun faireacháin agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid D d’Iarscríbhinn I; áireofar leis an bhfaireachán sin ualaí agus leibhéil tiúchana na bparaiméadar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I;
(b)
na méideanna, comhdhéanamh agus ceann scríbe an tsloda, agus ceanglais Threoir 86/278/CEE maidir le sloda atá beartaithe a úsáid sa talmhaíocht á gcur san áireamh;
(c)
na cainníochtaí in aghaidh na bliana agus na míosa den fhuíolluisce uirbeach a athúsáidtear le haghaidh uisciú talmhaíochta atá faoi réir maolú dá dtagraítear in Airteagal 15(1); cion cothaitheach an chodáin fuíolluisce uirbigh athúsáidte le haghaidh uisciú talmhaíochta agus an tréimhse ina n-athúsáidtear an codán sin i gcomparáid le héileamh míosúil ar uisce agus ar chothaithigh na mbarr a bhfuiltear ag díriú orthu leis an bhfuíolluisce uirbeach athúsáidte sin;
(d)
na GCTanna, lena n-áirítear ar a laghad CO2, N2O, CH4, a astaítear ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh de 10 000 p.e. agus níos mó, trí bhíthin anailíse, ríomhanna nó samhaltaithe i gcás inarb iomchuí;
(e)
an fuinneamh arna úsáid agus arna tháirgeadh ag úinéirí gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear 10 000 p.e. agus níos mó, nó ag oibreoirí na ngléasraí sin, gan beann ar cibé acu a úsáidtear nó a ghintear é ar an láthair nó lasmuigh den láthair, i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 11(2), chomh maith leis an bhfuinneamh arna cheannach faoi na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus (4).
|
|
Airteagal 21 2.
|
Maidir le gach ceirtleán dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (3), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla, comhlachtaí iomchuí nó oibreoirí an chórais bailiúcháin faireachán ionadaíoch, ag pointí ábhartha, ar fhorshreabhadh uisce stoirme isteach i ndobharlaigh agus ar sceitheadh rith chun srutha uirbeach ó chórais ar leith, chun meastachán a dhéanamh ar thiúchan agus ualaí na bparaiméadar a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, agus, i gcás inarb ábhartha, i dTábla 2, chomh maith le cion na micreaphlaisteach agus na dtruailleán ábhartha. Féadfaidh na Ballstáit torthaí an fhaireacháin sin a úsáid chun samhaltú a dhéanamh i gcás inarb iomchuí.
|
|
Airteagal 21 3.
|
I gcás gach ceirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó comhlachtaí iomchuí faireachán, in ionraonta agus asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, ar thiúchan agus ualaí an mhéid seo a leanas san fhuíolluisce uirbeach:
(a)
truailleáin ar dócha iad a bheith le fáil i bhfuíolluisce uirbeach a liostaítear iontu seo a leanas:
(i)
Iarscríbhinní VIII agus X a ghabhann le Treoir 2000/60/CE, Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE, Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE agus Cuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE;
(ii)
an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
);
(iii)
Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006;
(iv)
Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 86/278/CEE;
(b)
paraiméadair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184, i gcás ina sceitear fuíolluisce uirbeach isteach i ndobharcheantar dá dtagraítear in Airteagal 8 den Treoir sin; faoinar féidir leis na Ballstáit, i gcás substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS), rogha a dhéanamh idir ceann amháin nó an dá cheann de na paraiméadair ‘PFAS Iomlán’ agus ‘Suim PFAS’ a úsáid nuair atá modheolaíocht ar fáil i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5;
(c)
paraiméadair a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/7/CE i gcás ina ndéantar sceitheadh díreach ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh isteach in uisce snámha le linn an tséasúir snámha, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhac do Threoir 2006/7/CE a chomhlíonadh;
(d)
micreaphlaistigh a bheith ann;
Féadfar na truailleáin agus na paraiméadair dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a eisiamh ón bhfaireachán dá dtagraítear sa mhír seo ar choinníoll gur féidir a léiriú, inter alia ar bhonn thorthaí an fhaireacháin, nach ann dóibh i bhfuíolluisce uirbeach. Maidir le gach ceirtleán de 10 000 p.e. agus níos mó, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí iomchuí faireachán ar mhicreaphlaistigh a bheith sa sloda nuair is ábhartha agus, go háirithe, nuair a dhéantar é a athúsáid sa talmhaíocht. Déanfar an faireachán dá dtagraítear sa mhír seo de réir na minicíochtaí seo a leanas:
(a)
dhá shampla ar a laghad in aghaidh na bliana, agus 6 mhí ar a mhéad idir tráthanna glactha na samplaí, le haghaidh ceirtleáin 150 000 p.e. agus níos mó;
(b)
sampla amháin ar a laghad gach 2 bhliain le haghaidh ceirtleáin idir 10 000 p.e. agus 150 000 p.e.
Féadfar na minicíochtaí faireacháin sin a laghdú faoina leath i mblianta ina dhiaidh sin má tá torthaí an fhaireacháin ar na truailleáin dá dtagraítear sa mhír seo faoi bhun na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil is infheidhme faoi Threoir 2008/105/CE i dtrí shampla as a chéile. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na minicíochtaí faireacháin gach bliain ar a laghad.
|
|
Airteagal 21 4.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh d’fhonn modheolaíochtaí a bhunú chun astaíochtaí GCTanna díreacha agus indíreacha ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus micreaphlaistigh i bhfuíolluisce uirbeach agus i sloda uirbeach a thomhas, a mheas agus a shamhaltú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin faoin 2 Iúil 2027 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
|
|
Airteagal 21 5.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun modheolaíocht a bhunú chun ‘PFAS Iomlán’ agus ‘Suim PFAS’ a thomhas i bhfuíolluisce uirbeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 2 Eanáir 2027 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
|
|
Airteagal 21 6.
|
Ar bhonn na tuarascála ó na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun liosta íosta de thruailleáin ábhartha ar dócha go n-aimseofar iad i bhfuíolluisce uirbeach a shonrú agus trí mhodheolaíocht a fhorbairt chun truailleáin ábhartha ar dócha go n-aimseofar iad i bhfuíolluisce uirbeach a shainaithint, agus na dálaí áitiúla agus an measúnú riosca arna dhéanamh faoi dhlí ábhartha an Aontais á gcur san áireamh chomh maith leis na critéir agus minicíocht maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar eisiamh truailleán áirithe mar a leagtar amach i mír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|