|
+Airteagal 24 2. |
Airteagal 24 2.Ina theannta sin, i gcás ina ndéantar costais a aisghabháil go hiomlán nó go páirteach trí chóras taraifí uisce, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaigheann gach teaghlach i gceirtleáin os cionn 10 000 p.e., agus os cionn 1 000 p.e. más féidir, atá nasctha le córais bhailiúcháin, go tráthrialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, san fhoirm is iomchuí agus is inrochtana, mar shampla, ar a sonrasc, i gcás ina mbíonn sé ar fáil, nó trí mhodhanna digiteacha ar nós feidhmchláir chliste nó suíomhanna gréasáin, gan iallach a bheith orthu í a iarraidh, an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
faisnéis maidir lena mhéid atá Airteagail 3, 4, 6, 7 agus 8 á gcomhlíonadh leis na gníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh, lena n-áirítear comparáid idir an méid iarbhír truailleán a scaoileadh isteach sna huiscí glactha agus na teorainnluachanna a leagtar amach i gCuid B agus Táblaí 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I; cuirfear an fhaisnéis sin i láthair ar bhealach a fhágann go bhféadtar comparáid a dhéanamh go héasca, mar shampla mar chéatadán den chomhlíonadh;
(b)
toirt nó toirt mheasta an fhuíolluisce uirbigh, i méadair chiúbacha, a bhailítear agus a chóireáiltear in aghaidh na bliana nó in aghaidh na tréimhse billeála don teaghlach nó don eintiteas nasctha, mar aon le treochtaí agus praghas bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh don teaghlach sin (costas in aghaidh an lítir agus an mhéadair chiúbaigh);
(c)
comparáid idir toirt bhliantúil an fhuíolluisce uirbigh a bhailítear agus a chóireáiltear don teaghlach in aghaidh na bliana agus léiriú ar an meántoirt teaghlaigh sa cheirtleán lena mbaineann;
(d)
nasc chuig an ábhar ar líne dá dtagraítear i mír 1. I gcás nach bhfuil faisnéis maidir leis an úsáid aonair ar fáil, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) thuas ar leibhéal an cheirtleáin ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir trí shuíomh gréasáin nó trí fheidhmchlár cliste. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|