+Airteagal 24 Faisnéis don phobal
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.

Airteagal 24 Faisnéis don phobal

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis atá leordhóthanach so-inrochtana agus cothrom le dáta maidir le bailiú agus cóireáil fuíolluisce uirbigh ar fáil don phobal ar líne, ar bhealach soláimhsithe agus saincheaptha le haghaidh gach ceirtleáin os cionn 1 000 p.e. nó gach limistéir riaracháin ábhartha. Beidh ar áireamh ar a laghad san fhaisnéis na sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn VI.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar ar mhodhanna eile ar iarraidh réasúnaithe a fháil.

Airteagal 24 2.

Ina theannta sin, i gcás ina ndéantar costais a aisghabháil go hiomlán nó go páirteach trí chóras taraifí uisce, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaigheann gach teaghlach i gceirtleáin os cionn 10 000 p.e., agus os cionn 1 000 p.e. más féidir, atá nasctha le córais bhailiúcháin, go tráthrialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, san fhoirm is iomchuí agus is inrochtana, mar shampla, ar a sonrasc, i gcás ina mbíonn sé ar fáil, nó trí mhodhanna digiteacha ar nós feidhmchláir chliste nó suíomhanna gréasáin, gan iallach a bheith orthu í a iarraidh, an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

faisnéis maidir lena mhéid atá Airteagail 3, 4, 6, 7 agus 8 á gcomhlíonadh leis na gníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh, lena n-áirítear comparáid idir an méid iarbhír truailleán a scaoileadh isteach sna huiscí glactha agus na teorainnluachanna a leagtar amach i gCuid B agus Táblaí 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I; cuirfear an fhaisnéis sin i láthair ar bhealach a fhágann go bhféadtar comparáid a dhéanamh go héasca, mar shampla mar chéatadán den chomhlíonadh;

(b) 

toirt nó toirt mheasta an fhuíolluisce uirbigh, i méadair chiúbacha, a bhailítear agus a chóireáiltear in aghaidh na bliana nó in aghaidh na tréimhse billeála don teaghlach nó don eintiteas nasctha, mar aon le treochtaí agus praghas bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh don teaghlach sin (costas in aghaidh an lítir agus an mhéadair chiúbaigh);

(c) 

comparáid idir toirt bhliantúil an fhuíolluisce uirbigh a bhailítear agus a chóireáiltear don teaghlach in aghaidh na bliana agus léiriú ar an meántoirt teaghlaigh sa cheirtleán lena mbaineann;

(d) 

nasc chuig an ábhar ar líne dá dtagraítear i mír 1.

I gcás nach bhfuil faisnéis maidir leis an úsáid aonair ar fáil, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) thuas ar leibhéal an cheirtleáin ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir trí shuíomh gréasáin nó trí fheidhmchlár cliste.

Airteagal 24 3.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 chun mír 2 den Airteagal seo agus Iarscríbhinn VI a leasú trí nuashonrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá le soláthar don phobal ar líne agus do na teaghlaigh atá nasctha le córais bhailiúcháin chun na ceanglais sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus don fháil atá ar shonraí sa réimse sin.
Airteagal 24 4.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear formáid na faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 agus na modhanna chun an fhaisnéis sin a chur i láthair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.