+Airteagal 30 Meastóireacht
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
|
Airteagal 30 Meastóireacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2033 agus faoin 31 Nollaig 2040, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo ar bhonn an mhéid seo a leanas go háirithe:
(a)
an taithí a fuarthas tríd an Treoir seo a chur chun feidhme;
(b)
na tacair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22(1);
(c)
sonraí ábhartha eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha, lena n-áirítear torthaí ó thionscadail taighde arna gcistiú ag an Aontas;
(d)
moltaí EDS, i gcás ina mbíonn siad ar fáil.
Beidh anailís ar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa mheastóireacht sin:
(a)
oiriúnacht na bparaiméadar sláinte poiblí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a bhfuil faireachán le déanamh ag na Ballstáit orthu;
(b)
an breisluach a bhaineann le faireachán éigeantach a dhéanamh ar pharaiméadair shonracha sláinte poiblí;
(c)
an gá a d’fhéadfadh a bheith ann an liosta táirgí atá le bheith faoi chumhdach fhreagracht leathnaithe an táirgeora a oiriúnú de réir na n-athruithe ar raon na dtáirgí a chuirtear ar an margadh, de réir an eolais fheabhsaithe ar mhicreathruailleáin a bheith san fhuíolluisce uirbeach, agus a dtionchar siúd ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte phoiblí, de réir sonraí ó na hoibleagáidí faireacháin nua ar mhicreathruailleáin in ionraonta agus asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus anailís ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcoinníoll le haghaidh díolúine ó fhreagracht leathnaithe an táirgeora dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (a);
(d)
an breisluach agus an oiriúnacht a bhaineann le pleananna náisiúnta éigeantacha maidir le hathúsáid uisce a chur de cheangal, lena n-áirítear spriocanna agus bearta náisiúnta, lena gcuirtear san áireamh forbairt beartas agus dlí de chuid an Aontais a bhaineann le bainistiú uisce;
(e)
cuspóir na neodrachta fuinnimh chun anailís a dhéanamh ar a indéanta atá sé ó thaobh gnéithe teicniúla agus eacnamaíochta de leibhéal níos airde neamhspleáchais fuinnimh a bhaint amach san earnáil agus na tairbhí comhshaoil agus aeráide a bhainfeadh leis sin;
(f)
na féidearthachtaí chun astaíochtaí GCT díreacha agus indíreacha ó earnáil an fhuíolluisce uirbigh a thomhas, lena n-áirítear astaíochtaí GCT ó GCTanna eile seachas na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (d), agus chun ceanglais a shocrú maidir le tomhais iarbhír i ndáil leis an bhfaireachán, agus na modheolaíochtaí is déanaí á gcur san áireamh maidir le hastaíochtaí GCT a thomhas san earnáil an fhuíolluisce uirbigh arna leagan amach ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide;
(g)
na tionchair fhéideartha ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bheadh ag rátaí ranníocaíochta do tháirgeoirí arna socrú ag na Ballstáit agus dá dtagraítear in Airteagal 9(1) dá mb’éagsúil lena chéile iad;
(h)
a indéanta agus a oiriúnaí a bheadh sé córas fhreagracht leathnaithe an táirgeora a fhorbairt le haghaidh táirgí lena ngintear PFAS agus micreaphlaistigh i bhfuíolluisce uirbeach, bunaithe go háirithe ar na sonraí faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 21 maidir le PFAS agus micreaphlaistigh in ionraonta agus asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh;
(i)
an fhéidearthacht chun earnáil na cóireála fuíolluisce uirbigh aeráidneodracht a bhaint amach, agus an t-am is gá chun é sin a dhéanamh;
(j)
a indéanta agus a iomchuí atá sé íosrátaí athúsáide agus athchúrsála de chuid an Aontais a shocrú le haghaidh nítrigin ó shloda nó nítrigin ó fhuíolluisce uirbeach, nó iad araon.
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le príomhthorthaí na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún, agus, i gcás ina measann an Coimisiún é a bheith iomchuí, beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leo.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, a ullmhú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|