|
+Airteagal 30 1. |
Airteagal 30 1.Faoin 31 Nollaig 2033 agus faoin 31 Nollaig 2040, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo ar bhonn an mhéid seo a leanas go háirithe:
(a)
an taithí a fuarthas tríd an Treoir seo a chur chun feidhme;
(b)
na tacair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22(1);
(c)
sonraí ábhartha eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha, lena n-áirítear torthaí ó thionscadail taighde arna gcistiú ag an Aontas;
(d)
moltaí EDS, i gcás ina mbíonn siad ar fáil. Beidh anailís ar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa mheastóireacht sin:
(a)
oiriúnacht na bparaiméadar sláinte poiblí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a bhfuil faireachán le déanamh ag na Ballstáit orthu;
(b)
an breisluach a bhaineann le faireachán éigeantach a dhéanamh ar pharaiméadair shonracha sláinte poiblí;
(c)
an gá a d’fhéadfadh a bheith ann an liosta táirgí atá le bheith faoi chumhdach fhreagracht leathnaithe an táirgeora a oiriúnú de réir na n-athruithe ar raon na dtáirgí a chuirtear ar an margadh, de réir an eolais fheabhsaithe ar mhicreathruailleáin a bheith san fhuíolluisce uirbeach, agus a dtionchar siúd ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte phoiblí, de réir sonraí ó na hoibleagáidí faireacháin nua ar mhicreathruailleáin in ionraonta agus asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus anailís ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcoinníoll le haghaidh díolúine ó fhreagracht leathnaithe an táirgeora dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (a);
(d)
an breisluach agus an oiriúnacht a bhaineann le pleananna náisiúnta éigeantacha maidir le hathúsáid uisce a chur de cheangal, lena n-áirítear spriocanna agus bearta náisiúnta, lena gcuirtear san áireamh forbairt beartas agus dlí de chuid an Aontais a bhaineann le bainistiú uisce;
(e)
cuspóir na neodrachta fuinnimh chun anailís a dhéanamh ar a indéanta atá sé ó thaobh gnéithe teicniúla agus eacnamaíochta de leibhéal níos airde neamhspleáchais fuinnimh a bhaint amach san earnáil agus na tairbhí comhshaoil agus aeráide a bhainfeadh leis sin;
(f)
na féidearthachtaí chun astaíochtaí GCT díreacha agus indíreacha ó earnáil an fhuíolluisce uirbigh a thomhas, lena n-áirítear astaíochtaí GCT ó GCTanna eile seachas na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (d), agus chun ceanglais a shocrú maidir le tomhais iarbhír i ndáil leis an bhfaireachán, agus na modheolaíochtaí is déanaí á gcur san áireamh maidir le hastaíochtaí GCT a thomhas san earnáil an fhuíolluisce uirbigh arna leagan amach ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide;
(g)
na tionchair fhéideartha ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bheadh ag rátaí ranníocaíochta do tháirgeoirí arna socrú ag na Ballstáit agus dá dtagraítear in Airteagal 9(1) dá mb’éagsúil lena chéile iad;
(h)
a indéanta agus a oiriúnaí a bheadh sé córas fhreagracht leathnaithe an táirgeora a fhorbairt le haghaidh táirgí lena ngintear PFAS agus micreaphlaistigh i bhfuíolluisce uirbeach, bunaithe go háirithe ar na sonraí faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 21 maidir le PFAS agus micreaphlaistigh in ionraonta agus asraonta na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh;
(i)
an fhéidearthacht chun earnáil na cóireála fuíolluisce uirbigh aeráidneodracht a bhaint amach, agus an t-am is gá chun é sin a dhéanamh;
(j)
a indéanta agus a iomchuí atá sé íosrátaí athúsáide agus athchúrsála de chuid an Aontais a shocrú le haghaidh nítrigin ó shloda nó nítrigin ó fhuíolluisce uirbeach, nó iad araon. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le príomhthorthaí na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún, agus, i gcás ina measann an Coimisiún é a bheith iomchuí, beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|