+Airteagal 35 Athbhreithniú
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.
---+Airteagal 35 6.
---+Airteagal 35 7.

Airteagal 35 Athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 1.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinní I, II, III agus VI a leasú a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht téimh dhomhanda na ngás arna liostú iontu, i gcás inar gá i bhfianaise Tuarascálacha Measúnaithe nua arna nglacadh ag IPCC nó tuarascálacha nua ó Phainéal Measúnaithe Eolaíoch (PME) an Phrótacail.
Airteagal 35 2.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun na liostaí gás in Iarscríbhinní I, II agus III a leasú, i gcás inar chinn PME nó údarás eile go bhfuil tionchar suntasach ag na gáis sin ar an aeráid agus i gcás ina ndéantar gáis den sórt sin a onnmhairiú, a allmhairiú, a tháirgeadh nó a chur ar an margadh i gcainníochtaí suntasacha.
Airteagal 35 3.
Faoin 1 Iúil 2027, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh measúnú ar cé acu an bhfuil roghanna malartacha ann atá cost-éifeachtach, indéanta go teicniúil, tíosach ar fhuinneamh agus iontaofa, a fhágann gur féidir gáis ceaptha teasa fhluairínithe a ionadú i dtrealamh cuisniúcháin soghluaiste agus i dtrealamh aerchóiriúcháin shoghluaiste agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a leasú.
Airteagal 35 4.
Faoin 1 Iúil 2028, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar thionchar an Rialacháin seo ar earnáil na sláinte, go háirithe infhaighteacht análóirí dáileoige méadraithe chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh, chomh maith leis an tionchar ar threalamh fuaraithe a úsáidtear i gcomhar le ceallraí ar an margadh.
Airteagal 35 5.
Faoin 1 Eanáir 2030, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le héifeachtaí an Rialacháin seo.

Beidh meastóireacht ar an méid seo a leanas sa tuarascáil:

(a) 

cé acu an bhfuil roghanna malartacha ann atá cost-éifeachtach, indéanta go teicniúil, tíosach ar fhuinneamh, ar fáil go leordhóthanach agus iontaofa, a fhágann gur féidir gáis ceaptha teasa fhluairínithe a ionadú sna táirgí agus sa trealamh a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chumhdaítear le toirmisc nach raibh infheidhme fós tráth na meastóireachta, go háirithe táirgí agus trealamh atá faoi réir toirmeasc iomlán ar ghás ceaptha teasa fluairínithe, lena n-áirítear aerchóiritheoirí ‘roinnte’ agus teaschaidéil;

(b) 

forbairtí idirnáisiúnta atá ábhartha d’earnáil na loingseoireachta agus leathnú féideartha raon feidhme na gceanglas coimeádta chuig gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá i dtrealamh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin long;

(c) 

an leathnú féideartha ar raon feidhme an toirmisc onnmhairiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3), agus aird á tabhairt, inter alia, ar infhaighteacht mhéadaithe táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda íseal acu nó roghanna malartacha agus forbairtí nádúrtha faoin bPrótacal;

(d) 

áireamh féideartha hidreafluaracarbón sa cheanglas cuóta a leagtar síos in Airteagal 16(1), chun críoch a liostaítear in Airteagal 16(2), go háirithe hidreafluaracarbóin a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach do ghnóthas a úsáideann iad chun ábhar leathsheoltóra a eitseáil nó chun cuasáin deascaidh gaile ceimiceán a ghlanadh laistigh den earnáil mhonaraithe leathsheoltóirí;

(e) 

an riosca go dtiocfaidh laghdú iomarcach ar an iomaíocht sa mhargadh i ngeall ar thoirmisc agus eisceachtaí gaolmhara faoi Airteagal 13(9), go háirithe na cinn maidir le lascthrealamh leictreach ardvoltais a bhfuil níos mó ná 145 kV nó níos mó ná 50 kA sruth gearrchiorcad ag gabháil leis.

Cuirfidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach, a bhféadfadh leasuithe ar Iarscríbhinn IV a bheith ann, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 35 6.
Déanfaidh an Coimisiún, roimh an 1 Eanáir 2040, athbhreithniú ar na riachtanais le haghaidh hidreafluaracarbón sna hearnálacha ina n-úsáidtear fós iad agus ar chéimniú amach cuótaí HFC a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don bhliain 2050, go háirithe, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta, infhaighteacht roghanna malartacha ar hidreafluaracarbóin le haghaidh na bhfeidhmeanna ábhartha agus spriocanna aeráide an Aontais. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ag gabháil leis an athbhreithniú.
Airteagal 35 7.
Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide, arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ), ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a sholáthar agus tuarascálacha a eisiúint maidir le comhleanúnachas an Rialacháin seo le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais faoi Chomhaontú Pháras.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.