|
+Airteagal 35 5. |
Airteagal 35 5.Faoin 1 Eanáir 2030, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le héifeachtaí an Rialacháin seo. Beidh meastóireacht ar an méid seo a leanas sa tuarascáil:
(a)
cé acu an bhfuil roghanna malartacha ann atá cost-éifeachtach, indéanta go teicniúil, tíosach ar fhuinneamh, ar fáil go leordhóthanach agus iontaofa, a fhágann gur féidir gáis ceaptha teasa fhluairínithe a ionadú sna táirgí agus sa trealamh a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chumhdaítear le toirmisc nach raibh infheidhme fós tráth na meastóireachta, go háirithe táirgí agus trealamh atá faoi réir toirmeasc iomlán ar ghás ceaptha teasa fluairínithe, lena n-áirítear aerchóiritheoirí ‘roinnte’ agus teaschaidéil;
(b)
forbairtí idirnáisiúnta atá ábhartha d’earnáil na loingseoireachta agus leathnú féideartha raon feidhme na gceanglas coimeádta chuig gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá i dtrealamh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin long;
(c)
an leathnú féideartha ar raon feidhme an toirmisc onnmhairiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3), agus aird á tabhairt, inter alia, ar infhaighteacht mhéadaithe táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda íseal acu nó roghanna malartacha agus forbairtí nádúrtha faoin bPrótacal;
(d)
áireamh féideartha hidreafluaracarbón sa cheanglas cuóta a leagtar síos in Airteagal 16(1), chun críoch a liostaítear in Airteagal 16(2), go háirithe hidreafluaracarbóin a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach do ghnóthas a úsáideann iad chun ábhar leathsheoltóra a eitseáil nó chun cuasáin deascaidh gaile ceimiceán a ghlanadh laistigh den earnáil mhonaraithe leathsheoltóirí;
(e)
an riosca go dtiocfaidh laghdú iomarcach ar an iomaíocht sa mhargadh i ngeall ar thoirmisc agus eisceachtaí gaolmhara faoi Airteagal 13(9), go háirithe na cinn maidir le lascthrealamh leictreach ardvoltais a bhfuil níos mó ná 145 kV nó níos mó ná 50 kA sruth gearrchiorcad ag gabháil leis. Cuirfidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach, a bhféadfadh leasuithe ar Iarscríbhinn IV a bheith ann, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|