+IARSCRÍBHINN VII Na huaschainníochtaí agus luachanna tagartha agus cuóta a ríomh maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, dá dtagraítear in airteagal 17

IARSCRÍBHINN VII Na huaschainníochtaí agus luachanna tagartha agus cuóta a ríomh maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, dá dtagraítear in airteagal 17




IARSCRÍBHINN VII

Na huaschainníochtaí agus luachanna tagartha agus cuóta a ríomh maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, dá dtagraítear in airteagal 17

(1) Socraítear uasmhéid na hidreafluaracarbón a cheadaítear a chur ar mhargadh an Aontais i mbliain ar leith mar seo a leanas:



Blianta

Uaschainníocht i dtonaí de choibhéis CO2

2025 – 2026

42 874 410

2027 – 2029

21 665 691

2030 – 2032

9 132 097

2033 – 2035

8 445 713

2036 – 2038

6 782 265

2039 – 2041

6 136 732

2042 – 2044

5 491 199

2045 – 2047

4 845 666

2048 – 2049

4 200 133

2050 ar aghaidh

0

(2) Socraítear bunluach 2015 le haghaidh na huaschainníochta mar seo a leanas: 176 700 479 tonaí de choibhéis CO2.

(3) Déanfar luachanna tagartha agus cuóta maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 17, a ríomh mar chainníochtaí comhiomlánaithe na hidreafluaracarbón go léir, arna sloinneadh i dtona(í) de choibhéis CO2 arna slánú go dtí an tona is gaire.

(4) Gheobhaidh gach táirgeoir agus allmhaireoir na luachanna tagartha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), arna ríomh mar seo a leanas:

(a) 

luach tagartha maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh bunaithe ar mheán bliantúil na gcainníochtaí hidreafluaracarbón a cuireadh ar an margadh go dleathach ón 1 Eanáir 2015 mar a thuairiscítear faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 agus faoi Airteagal 26 den Rialachán seo le haghaidh na mblianta atá ar fáil, agus aistrithe a bhfuarthas á dtabhairt san áireamh gan cainníochtaí hidreafluaracarbón le haghaidh na n-úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 26(5) den Rialachán seo le linn na tréimhse céanna a áireamh, ar bhonn na sonraí atá ar fáil;

(b) 

thairis sin, le haghaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí a thuairiscigh hidreafluaracarbóin a cuireadh ar an margadh le haghaidh na húsáide dá dtagraítear in Airteagal 26(5), an dara fomhír, den Rialachán seo, luach tagartha bunaithe ar mheán bliantúil chainníochtaí na hidreafluaracarbón le haghaidh na húsáide sin a cuireadh ar an margadh go dleathach ón 1 Eanáir 2020 mar a thuairiscítear faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 agus Airteagal 26 den Rialachán seo le haghaidh na mblianta atá ar fáil, ar bhonn na sonraí atá ar fáil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.