+IARSCRÍBHINN VIII An sásra leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 17

IARSCRÍBHINN VIII An sásra leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 17




IARSCRÍBHINN VIII

An sásra leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 17

(1) Cinneadh maidir leis an gcainníocht atá le leithdháileadh ar ghnóthais ar socraíodh luachanna tagartha ina leith faoi Airteagal 17(1).

Gheobhaidh gach gnóthas ar socraíodh luachanna tagartha ina leith cuóta, arna ríomh mar a leanas:

(a) 

cuóta atá comhfhreagrach do 89 % den luach tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, pointe 4(a), arna iolrú faoin uaschainníocht le haghaidh na bliana a leithdháiltear an cuóta ina leith, arna roinnt ar an mbunluach de 176 700 479 dtonaí de choibhéis CO2 ( 11 ). agus

(b) 

i gcás inarb ábhartha, cuóta atá comhfhreagrach don luach tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, pointe 4(b). Ó 2027 ar aghaidh, faightear cuóta den sórt sin tríd an luach tagartha a iolrú faoi fhactóir de 0,85. Ó 2030 ar aghaidh, tá an cuóta sin comhfhreagrach don luach tagartha arna iolrú faoin uaschainníocht le haghaidh na bliana a leithdháileadh an cuóta ina leith, arna roinnt ar an uaschainníocht le haghaidh 2025.

I gcás ina sárófar an uaschainníocht, tar éis méid iomlán an chuóta dá dtagraítear sa dara fomhír a leithdháileadh, déanfar gach cuóta a laghdú go comhréireach.

(2) Cinneadh maidir leis an gcuóta atá le leithdháileadh ar ghnóthais a chuir isteach dearbhú de bhun Airteagal 17(3).

Déantar suim iomlán an chuóta a leithdháiltear faoi phointe 1 a bhaint ón uaschainníocht le haghaidh na bliana áirithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII chun méid an chúlchiste a chinneadh atá le leithdháileadh ar ghnóthais a chuir isteach dearbhú faoi Airteagal 17(3).

Faigheann gach gnóthas leithdháileadh atá comhfhreagrach do sciar pro rata den chúlchiste.

Ríomhtar an sciar pro rata trí 100 a roinnt ar líon na ngnóthas a chuir dearbhú isteach.

(3) Cuirtear pionóis a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 31 san áireamh sna ríomhanna dá dtagraítear thuas.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.