+Airteagal 7 Oibreáin phróisis
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
|
Airteagal 7 Oibreáin phróisis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfar substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, a chur ar an margadh, agus a sholáthar nó a chur ar fáil ina dhiaidh sin do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce chun iad a úsáid mar oibreáin phróisis sna próisis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III. Ní úsáidfear na substaintí sin ach amháin mar oibreáin phróisis faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Ní dhéanfar substaintí ídithe ózóin dá dtagraítear i mír 1 a úsáid ach mar oibreáin phróisis i suiteálacha a bhí ann an 1 Meán Fómhair 1997, ar choinníoll go bhfuil leibhéal fíoríseal astaíochtaí i gceist leis na substaintí ídithe ózóin ó na suiteálacha sin, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos de bhun mhír 3.
|
|
Airteagal 7 3
|
3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta gnóthas a bhunú a cheadaítear úsáid substaintí ídithe ózóin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ina leith, mar oibreáin phróisis sna próisis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III sna suiteálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena leagtar síos na cainníochtaí uasta a fhéadfar a úsáid le haghaidh comhdhéanamh nó le caitheamh mar oibreáin phróisis agus na huasleibhéil astaíochtaí le haghaidh gach ceann de na gnóthais lena mbaineann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
|
|
Airteagal 7 4
|
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn III a leasú i gcás inar gá sin mar gheall ar fhorbairtí teicniúla nó cinntí arna ndéanamh ag na Páirtithe sa Phrótacal.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0590
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|