3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta gnóthas a bhunú a cheadaítear úsáid substaintí ídithe ózóin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ina leith, mar oibreáin phróisis sna próisis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III sna suiteálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena leagtar síos na cainníochtaí uasta a fhéadfar a úsáid le haghaidh comhdhéanamh nó le caitheamh mar oibreáin phróisis agus na huasleibhéil astaíochtaí le haghaidh gach ceann de na gnóthais lena mbaineann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).