3. Ón 1 Eanáir 2025, áiritheoidh úinéirí foirgneamh agus conraitheoirí, le linn an athchóiriúcháin, go seachnófar, a mhéid is féidir, gníomhaíochtaí athchóiriúcháin nó scartála lena ngabhann baint cúr i gcláir lannaithe atá suiteáilte i gcuasa nó i struchtúir thógtha ina bhfuil substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu trí na cúir nó na substaintí atá iontu a láimhseáil ar bhealach a áiritheoidh go scriosfar na substaintí sin. I gcás aisghabháil na substaintí sin, is daoine nádúrtha a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu amháin a dhéanfaidh an aisghabháil.
I gcás nach bhfuil baint na gcúr dá dtagraítear sa chéad fhomhír indéanta go teicniúil, cuirfidh úinéir an fhoirgnimh nó an conraitheoir doiciméadacht le chéile ina dtugtar fianaise go bhfuil an baint dodhéanta sa chás sonrach sin. Coinneofar an doiciméadacht sin ar feadh 5 bliana agus cuirfear ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.