6. Ní scriosfar substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin ach amháin trí theicneolaíocht scriosta atá formheasta ag na Páirtithe sa Phrótacal.
Ní dhéanfar substaintí ídithe ózóin eile nach bhfuil an teicneolaíocht scriosta formheasta ina leith a scriosadh, ach amháin trí theicneolaíocht scriosta lena gcomhlíontar dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le dramhaíl agus i gcás ina gcomhlíonfar ceanglais bhreise faoin dlí sin.