2. Le measúnú idir-inoibritheachta, déanfar, ar bhealach iomchuí, an méid seo a leanas a shainaithint agus a mheasúnú:
|
(a)
|
éifeachtaí na gceanglas ceangailteach ar an idir-inoibritheacht trasteorann, agus an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 6 á úsáid mar uirlis tacaíochta;
|
|
(b)
|
na geallsealbhóirí a bhfuil na ceanglais cheangailteacha ábhartha dóibh;
|
|
(c)
|
réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach dá dtagraítear in Airteagal 7 a thacaíonn le cur chun feidhme na gceanglas ceangailteach.
|
Foilseoidh an t-eintiteas lena mbaineann de chuid an Aontais nó an comhlacht lena mbaineann de chuid na hearnála poiblí, i bhformáid mheaisín-inléite lena n-éascaítear an t-aistriúchán uathoibrithe, tuarascáil lena léirítear toradh an mheasúnaithe idir-inoibritheachta, lena n-áirítear na míreanna a liostaítear san Iarscríbhinn, ar shuíomh gréasáin oifigiúil. Comhroinnfidh sé an tuarascáil sin go leictreonach leis an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach arna bhunú de bhun Airteagal 15 (‘an Bord’). Leis na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo, ní chuirfear srian ar rialacha atá ann cheana de chuid na mBallstát maidir le rochtain ar dhoiciméid. Le foilsiú an tuarascála sin, ní dhéanfar dochar do chearta maoine intleachtúla ná do rúin trádála, don ord poiblí ná don tslándáil.