6. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le réitigh idir-inoibritheachta a chur chun feidhme, tabharfaidh eintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí tosaíocht do chur chun feidhme na réiteach idir-inoibritheachta nach bhfuil téarmaí ceadúnaithe sriantacha ag gabháil leo, amhail réitigh foinse oscailte, i gcás ina bhfuil réitigh idir-inoibritheachta den sórt sin coibhéiseach a mhéid a bhaineann le feidhmiúlachtaí, le costas iomlán, lena dhírithe atá siad ar an úsáideoir, le cibearshlándáil nó le critéir oibiachtúla ábhartha eile. Soláthróidh an Coimisiún tacaíocht chun réitigh idir-inoibritheachta den sórt sin a shainaithint, dá bhforáiltear in Airteagal 9.