+Airteagal 2
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.

Airteagal 2

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 1.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a thairgeann seirbhísí d’óstaigh a sholáthraíonn seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach san Aontas, gan beann ar a n-áit bhunaithe, agus maidir le hóstaigh a sholáthraíonn seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.
Airteagal 2 2.

Ní dochar an Rialachán seo don mhéid seo a leanas:

(a) 

rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla lena rialaítear rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó soláthar na seirbhísí sin ag óstaigh, i gcomhréir le dlí an Aontais, ach amháin mura bhforáiltear dá mhalairt go sonrach faoin Rialachán seo;

(b) 

rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla lena rialaítear forbairt nó úsáid na talún, pleanáil baile agus tuaithe, caighdeáin tógála, tithíocht agus tionóntachtaí;

(c) 

dlí an Aontais nó dlí náisiúnta lena rialaítear cosc, imscrúdú, brath nó ionchúiseamh cionta coiriúla nó forghníomhú pionós coiriúil;

(d) 

dlí an Aontais nó dlí náisiúnta lena rialaítear riaradh, bailiú, forfheidhmiú agus aisghabháil cánacha, custaim agus dleachtanna eile;

(e) 

dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta lena rialaítear forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh nó staidrimh oifigiúil náisiúnta.

Airteagal 2 3.

Ina theannta sin, ní dochar an Rialachán seo do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe eile de sholáthar seirbhísí ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, go háirithe:

(a) 

Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(b) 

Rialachán (AE) 2022/2065;

(c) 

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(d) 

Treoir 2000/31/CE;

(e) 

Treoir 2006/123/CE;

(f) 

Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(g) 

Treoir 2010/24/AE ón gComhairle ( 4 ); agus

(h) 

Treoir 2011/16/AE ón gComhairle ( 5 ).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1028
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.