+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
---+Airteagal 1
---+Airteagal 2
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
------+Airteagal 2 3.
---+Airteagal 3
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1
|
Airteagal 1
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le bailiú sonraí ag údaráis inniúla agus ag soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne agus le haghaidh comhroinnt sonraí ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne le húdaráis inniúla a bhaineann le soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint ag óstaigh trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne.
|
|
Airteagal 2
|
|
|
Airteagal 3
|
Airteagal 3
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘aonad’ cóiríocht faoi throscán atá lonnaithe san Aontas agus atá faoi réir soláthar seirbhíse cóiríochta ar chíos gearrthéarmach; ní áirítear leis na nithe seo a leanas:
(a)
óstáin agus cóiríocht chomhchosúil, lena n-áirítear ionaid óstáin, óstáin svuíte nó árasáin agus móstáin ar a dtugtar tuairisc in NACE Rev. 2, grúpa 55.1 (‘óstáin agus cóiríocht chomhchosúil’) agus brúnna ar a dtugtar tuairisc in NACE Rev. 2, grúpa 55.2 (‘cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta’) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
);
(b)
cóiríocht a sholáthar i dtailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna carbhán, ar a dtugtar tuairisc in NACE Rev. 2, grúpa 55.3, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
(2)
ciallaíonn ‘óstach’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís chóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthraítear ar luach saothair, nó a bheartaíonn seirbhís den sórt sin a sholáthar, trí ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, ar bhonn gairmiúil, neamhghairmiúil, ar bhonn rialta nó ar bhonn sealadach;
(3)
ciallaíonn ‘aoi’ duine nádúrtha atá á óstáil in aonad;
(4)
ciallaíonn ‘seirbhís chóiríochta ar chíos gearrthéarmach’ aonad a ligean go gearrthéarmach, a sholáthraítear ar luach saothair, cé acu ar bhonn gairmiúil nó neamhghairmiúil, ar bhonn rialta nó ar bhonn sealadach, mar a shainítear tuilleadh leis an dlí náisiúnta;
(5)
ciallaíonn ‘ardán cíosa ghearrthéarma ar líne’ ardán ar líne de réir bhrí Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065, lena gceadaítear d’aíonna cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hóstaigh chun seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthar;
(6)
ciallaíonn ‘ardán cíosa gearrthéarma beag nó micrimhéide ar líne’ ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a cháilíonn mar fhiontar beag nó mar mhicrifhiontar de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE;
(7)
ciallaíonn ‘uimhir chlárúcháin’ aitheantóir uathúil, arna eisiúint ag an údarás inniúil, lena sainaithnítear aonad sa Bhallstát sin;
(8)
ciallaíonn ‘nós imeachta clárúcháin’ aon nós imeachta is tríd nach mór d’óstaigh faisnéis shonrach agus doiciméadacht shonrach a sholáthar do na húdaráis inniúla chun uimhir chlárúcháin a fháil ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint trí ardáin cíosa gearrthéarma ar líne;
(9)
ciallaíonn ‘scéim údarúcháin’‘scéim údarúcháin’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 6, de Threoir 2006/123/CE;
(10)
ciallaíonn ‘liostú’ an tagairt d’aonad a thairgtear le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin de chuid ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;
(11)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit atá inniúil chun nósanna imeachta clárúcháin a bhainistiú nó a fhorfheidhmiú, nó chun sonraí a bhailiú maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, nó atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar rialacha infheidhme na mBallstát maidir le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus maidir le soláthar na seirbhísí sin;
(12)
ciallaíonn ‘sonraí gníomhaíochta’ líon na n-oícheanta a ligtear aonad ar cíos agus líon na n-aíonna ar ligeadh an t-aonad ar cíos leo in aghaidh na hoíche chomh maith le tír chónaithe gach aoi, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 692/2011;
(13)
ciallaíonn ‘bardas’‘aonad riaracháin áitiúil (ARÁ)’ de réir bhrí Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1028
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|