+Airteagal 4
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.

Airteagal 4

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Le haon nós imeachta clárúcháin arna bhunú ag Ballstát, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, le haghaidh aonaid atá lonnaithe ar a chríoch, comhlíonfar forálacha na Caibidle seo.
Airteagal 4 2.
Maidir le Ballstát a fhorchuireann ceanglas ar ardáin cíosa gearrthéarma ar líne sonraí a tharchur chuig údaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh sé nós imeachta clárúcháin a bhunú nó a choimeád ar bun d’aonaid atá lonnaithe i limistéir dá chríoch ina bhfuil feidhm ag ceanglas tarchurtha sonraí den sórt sin maidir leo.
Airteagal 4 3.

Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

(a) 

go n-oibreoidh nósanna imeachta clárúcháin ar bhonn dearbhuithe arna ndéanamh ag óstaigh;

(b) 

go soláthrófar nósanna imeachta clárúcháin ar líne, agus saor in aisce, i gcás inar féidir, nó ar phraghas réasúnta comhréireach, agus go gceadófar leo uimhir chlárúcháin a eisiúint go huathoibríoch agus láithreach, nach n-áireofar sonraí pearsanta inti, le haghaidh aonad sonrach ar don óstach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus, i gcás inarb iomchuí, aon doiciméadacht tacaíochta a cheanglaítear de bhun Airteagal 5(2) a thíolacadh;

(c) 

go mbeidh nósanna imeachta clárúcháin faoi réir sásraí éifeachtacha achomhairc laistigh den Bhallstát;

(d) 

nach mbeidh aonad faoi réir níos mó ná aon nós imeachta clárúcháin amháin;

(e) 

go mbeidh modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ligean d’óstach faisnéis agus doiciméadacht a nuashonrú;

(f) 

go mbeidh modhanna teicniúla i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar bhailíocht uimhreacha clárúcháin;

(g) 

go mbeidh modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ligean d’óstach aonad a bhaint den chlárlann dá dtagraítear i mír 5; agus

(h) 

go gceanglófar ar óstaigh, agus a seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach á dtairiscint acu trí ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, a dhearbhú don ardán cíosa ghearrthéarma ar líne an bhfuil an t-aonad atá á thairiscint faoi réir nós imeachta clárúcháin agus, más amhlaidh go bhfuil, an uimhir chlárúcháin a sholáthar.

Airteagal 4 4.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh óstaigh in ann a iarraidh go ndéanfar an fhaisnéis nó an doiciméadacht arna soláthar de bhun Airteagal 5(1) agus (2) a athúsáid chun críoch clárúcháin dá éis sin.
Airteagal 4 5.
Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar uimhreacha clárúcháin i gclárlann atá poiblí agus inrochtana go héasca. Beidh an t-údarás inniúil a eisíonn an uimhir chlárúcháin freagrach as an gclárlann a bhunú agus a choimeád ar bun, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.
Airteagal 4 6.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh óstaigh in ann na doiciméid uile is gá mar chuid den phróiseas clárúcháin a thíolacadh i bhformáid dhigiteach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1028
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.