|
+Airteagal 4 3. |
Airteagal 4 3.Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:
(a)
go n-oibreoidh nósanna imeachta clárúcháin ar bhonn dearbhuithe arna ndéanamh ag óstaigh;
(b)
go soláthrófar nósanna imeachta clárúcháin ar líne, agus saor in aisce, i gcás inar féidir, nó ar phraghas réasúnta comhréireach, agus go gceadófar leo uimhir chlárúcháin a eisiúint go huathoibríoch agus láithreach, nach n-áireofar sonraí pearsanta inti, le haghaidh aonad sonrach ar don óstach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus, i gcás inarb iomchuí, aon doiciméadacht tacaíochta a cheanglaítear de bhun Airteagal 5(2) a thíolacadh;
(c)
go mbeidh nósanna imeachta clárúcháin faoi réir sásraí éifeachtacha achomhairc laistigh den Bhallstát;
(d)
nach mbeidh aonad faoi réir níos mó ná aon nós imeachta clárúcháin amháin;
(e)
go mbeidh modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ligean d’óstach faisnéis agus doiciméadacht a nuashonrú;
(f)
go mbeidh modhanna teicniúla i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar bhailíocht uimhreacha clárúcháin;
(g)
go mbeidh modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ligean d’óstach aonad a bhaint den chlárlann dá dtagraítear i mír 5; agus
(h)
go gceanglófar ar óstaigh, agus a seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach á dtairiscint acu trí ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, a dhearbhú don ardán cíosa ghearrthéarma ar líne an bhfuil an t-aonad atá á thairiscint faoi réir nós imeachta clárúcháin agus, más amhlaidh go bhfuil, an uimhir chlárúcháin a sholáthar. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|