+Airteagal 7
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
|
Airteagal 7
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Déanfaidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an méid seo a leanas:
(a)
a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lena gceanglaítear ar óstaigh féindearbhú a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an t-aonad atá á thairiscint le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach lonnaithe i limistéar ina bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó ina bhfuil feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis;
(b)
a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh úsáideoirí in ann aonad a thairgtear do sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a shainaithint trí uimhir chlárúcháin, nuair a dhearbhaíonn óstaigh go bhfuil an t-aonad sin lonnaithe i limistéar inar bunaíodh nós imeachta clárúcháin nó ina bhfuil feidhm aige; agus a áirithiú go mbeidh uimhir chlárúcháin soláthartha ag óstaigh sula gceadaítear dóibh na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint i ndáil leis an aonad sin, agus go mbeidh an uimhir chlárúcháin sin ar taispeáint go soiléir ag óstaigh mar chuid dá liostú;
(c)
iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun dearbhuithe na n-óstach a sheiceáil go randamach ar bhonn rialta maidir le nós imeachta clárúcháin a bheith ann nó gan bheith ann, agus an liosta a cuireadh ar fáil de bhun Airteagal 13(1), pointe (a), á chur san áireamh, agus, i gcás inarb ann do nós imeachta den sórt sin, bailíocht na huimhreach clárúcháin arna soláthar ag an óstach a sheiceáil, trí úsáid a bhaint as na feidhmiúlachtaí arna dtairiscint leis na pointí iontrála aonair digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b), tar éis dóibh tairiscint na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ag an óstach a cheadú.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Cuirfidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na húdaráis inniúla agus na hóstaigh ar an eolas gan moill mhíchuí faoi thorthaí na seiceálacha randamacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), a bhaineann le dearbhuithe míchearta ó óstaigh, le mí-úsáid uimhreach clárúcháin, nó le huimhreacha clárúcháin neamhbhailí.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Cuirfidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na hóstaigh ar an eolas go leormhaith maidir le hinfheidhmeacht nósanna imeachta clárúcháin i limistéar ar leith, agus na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 13, mar aon leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa dara colún, ró ‘N. Seirbhisí’, pointe 4, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724, atá le cur ar fáil ag na Ballstáit, á gcur san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1028
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|